1] Dia mbuí Muirchertach mac
Muiredaig meic Eógain, ríg Érenn, i tig Cletig ós
ur Bóinne in Broga, & ba hí ba ban-chéli
dósum Duaibsech, ingen Duach Tenga umai, ríg Connacht.
Tánic in ríg sin amach óen da laí do mílrad
5]
fa imell in Broga, & ro fhágsat a lucht sealga a
aenar hé ina duma shelga.
Ní cian dia raibe ann co facaid
óen-ingen chruth-álaind, chenn-fhind, chnes-solus, & brat uaine impe i suide 'na fhochraib isin
fert fódmuigi, & dar leis nocon
10]
fhaca don droing banda a com-álaind ná a
com-chuanna , gura línustar a
cholann uile dá grád , & a aicned. Uair dar leis re
fégad do-bérad Ériu uile ara híasacht óenaidche, mar
do char co hadbal hí re faicsin. & ro fhersum fáilti fria mar bud aichnid dó
hí. & ro fhiarfaigh scéla di.
15] Adérsa frit, ol
sí. Isam leannánsa do Muirchertach mac Erca, do ríg
Érenn, & is dá shaigid tánagus in so.
Ba maith la Muirchertach sin, & atbert fria, In tabrai aichne
ormsa, a ingen? ol sé. Do-berim, ol sí, uair isam
eólach in inadaib is diamru iná so, &
20]
is aichnid dam tusa & firu Érenn ar chena. In tice limsa, a
ingen? ol Muirchertach. Do ragaind , ol sí, acht comad maith mo
choma . Do-bérsa
mo chumang duit, a ingen, ar Mac Erca. Do bréthir ris, ol
in ingen. & tucsum fo chétóir, & adubairt
sí in rand:1
25] Ní hé in cumang nach éimech,
acht tecusca na cléireach,
acht mine betís re lá,
nocho ticfaindsi sunna.
- Ná triallsa réir na cléirech
30] & na mban co héimech;
dó féin shires cléirech ní,
ná déna díb acht neifní.
- Ná cronaig cléirchiu co grind,
a ingen glégeal, guth-bind,
35] uair is ferrdi biad {MS Y folio/facs page 311/314a}cach neach
dá raib do réir na cléirech.- A ingen, ná habair sin,
lucht in chrábaid ná cronaig;
na clérig chreidius in rí
40] díb nocha dénta neifní.Ní hé
Do-bérsa cét di cech crud duit,
& cét cornd ,
& cét copán , & cét falach óir, &
feis cech dara haidche a tig Cletig, Acc itir, ar in ingen,
nocha n-amlaid sin bias, acht cen m'ainmsea do ráda duitsiu co
bráth, & cen Duaibsig,
45]
máthair do chlaindi, do
beith im agaid,
& cen na
clérig do thoidecht in óen-teach rium co bráth.
Ragaid
duitsiu, ol in ríg, uair tucusa bréthir riut, &
ropad usa
limsa leath Érenn duitsiu iná sin, & abair rium co
fír,
ol in ríg, cá hainm fil fortsu itir, dá fédmais
a sheachna
50]
gan a ráda. & 2asbert sí, Osnad, Easnadh, Sín,
Gaeth Garb, Gem-adaig, Ochsad, Iachtad, Taetean. Conad
and sin atbert in laídsea sís:
Abair rim h'ainm, a ingen,
a bean ro-chaemda, rind-geal;
55] aní scaras mé rém chloind
ná ceil ormsa dá seachnaind.Osnad, Esnad, Sán cen ail,
Gaeth Garb, & Gem-adaig,
Ochsad, Iachtad, Taetean taí,
60] is iat m'anmanna ar aen-chaí.
Do-béraind cét da cech crud
duit, a ingen, cen imrul,
dá léictheá dam h'ainm do rád,
& do gairm cech óen-tráth.
65] Créd do-génsa da cech maith,
a ríg Érenn, a ard-fhlaith?
Bid marb thú dá ráidi, a rí,
rachaid do nert ar nefní.Ropad aíbind lim cach than,
70] a ingen na rosc ro-glan,
má dá n-apraind riut co fír
Osnad, Esnad, & Sín.Ná hapairsiu sin cen tlás
mine b'áil duit do moch-bás,
75] & ná ticead isteach
máthair do chloindi, Duaibseach.Do-génsa do riar co fír.
Ná tabrad h'aicned i sním.
Cach ní bus olc ná tagair,
80] ní ebérsa, & abair.a.r.
Ro gellad disi, trá, cech ní
díb sin, & ro naisc amlaid. Do-chuadar maróen iar sin
co teach Cletig. Ba maith suidiugud in tige sin, trá, & ba
maith a muindter & a theglach, & maithi cloindi
Néill uile co muirneach, mór-menmnach,
85]
co subach, sobrónach, ic caithem chísa &
conáich cacha cúicid i tig comramach Cletig ós ur na
Bóinne bradánaigi, bith-áilli, & ós ur
in Broga barr-uaine.
Ó ro fhég
Sín immorro in teach co n-a muindtir , asbert: Is maith in teach a táncamar,
ol sí. Is maith,
90]
ol in ríg, & ní dernad do 3Themair ná do
Nás ná do Chraebruaid
- Ní dernad ic ríg, dar lind,
95] teach mar do theach ós Bóind,
's ní dingéntar ó so amach
gus in laithi ndéidenach.- Cleiteach cléthi theach Fódla,
is fairsing a furógra,
100] ó Thoraid co Carnd hUí Néit
'na chomair tall gan lán-bréig.- Cland Eógain isin tig tall,
ard-chlanna Néill nach im-gann,
nocha n-uil muindter is fearr
105] i n-iath Alban ná Érenn.- Tusa, a Muirchertaig, cen fhell
ní thánic riam laech it cheand,
co bráth ní thicfa re lá,
a ua Eógain do shamla.- 110] Is dingbála duit cen acht
Duaibsech, ingen ríg Connacht,
álaind a delb, caem a llí,
ní fhil ben is ferr im ní.Ni .d.
Cid do-géntar ann fodesta? ol in
ingen. Aní
115]
is maith latsu, ol Muirchertach. Máseadh, ar
Sín, téigead Duaibsech co n-a cloind asin tig amach,
& ticed fer cecha cerdi & cecha eladan a nÉrinn
co n-a mnaí isin teach
n-óil. Do-rónad amlaid sin, & rogab cách ic
- Aíbind, aíbind rígi rán
tíre Érenn, mór a grád,
a cís 'gá chlechtad re lind,
co teach Cletig is aíbind.- 125] Aíbind, aíbind a rígnacht,
aíbind a míne, a mállacht,
fuaras a maith, monar ngrinn,
damsa is saich, is aíbind.- Aíbind, aíbind taísigecht
130] ag ríg Érenn co ríg-nert,
cid cumang Ériu re lind,
cá duine dó nach aíbind?- Aíbind, aíbind trebthachus
do duine bís 'na dúthchus;
135] imad ceathra, saethar ngrinn,
cen terca ann is aíbind.- Aíbind, aíbind ceól cen acht
do lucht in chiúil co rígdacht;
da cach aen ros can co bind
140] dóib cacha tan is aíbind.- {MS Y folio/facs page 312/314b}Aíbind, aíbind in goibnecht
don lucht do-ní gan toirmesc;
is maith a tuaith is a cill,
nocha n-é a buaid nach aíbind.
- 145] Aíbind, aíbind cerdacht chaem
do cech óen do-gní ma-róen;
is imda mogaid re lind,
dúind is tulaigsi is aíbind.- Aíbind, aíbind óglachus
150] ag Mac Erca na mór-gus;
i tig Cletig, monar ngrind,
cia duine dó nách aíbind?- Aíbind, aíbind cech dán teann
anosa i n-iathaib Érenn;
155] cách ica caithim co grind
itir maithib is aíbind.Aibind a.r.
Ó thairnic in t-ól asbert
Sín fri Muirchertach, Is mithig fodesta in teach do légud
damsa amail ro gellad dam. Is ann sin do chuir sí clanna
Néill & Duaibsech
160]
co n-a claind a Cleitech amach. & is é lín
ro bátar itir firu & mná dá chath chom-móra,
chonaclacha.
Do-chuaid Duaibsech co n-a cloind ó Chleitech co Tuilén do shaigid a hanmcharad .i. Cairnech naem-espoc . Ó ro-siacht sí co Cairnech 6 atbert na briathra sa:
165] A chlérig, bennaig mo chorp,
is eagail lim bás anocht;
tánic chugam ben a síd,
suaill nach derna dím dimbríg.A banscál, bid maith do díl,
170] fo-géba nem cen anfír;
don turus tángais i-lle
ní racha doridise.
Érig féin, a chlérig ann
co hEógan is co Conall,
175] atát 'na congaib ma-lle
sin tulaig co turnaide.Bísiu i fos i nÓenach Réil,
a Duaibsech gus in deg-méin,
is uait sloindfither co bráth
180] in bile buadach sin ráth.Atlochar do Mac Muire,
don ríg connic na huile;
tánac fa chreidem óm thig.
Atlochar duit, a chlérig.A chlérig b.
185] Tánic Cairnech iar sin co
hEógan & co Conall, & do-chuadar ma-róen doridisi co Cleitech, &
nír léic Sín a légud i farrad in dúine
uile. Bátar dubaig, toirsig clanna Néill don gním sin.
Fergaigthir co mór Cairnech ann side & ro eascain in baile
& do-rigne leacht don ríg &
190] asbert,
Tairnic intí isa leacht so. & is deread dá
rígi & dá fhlaithemnus co
fír, & do-chuaid for mullach in lechta 7& dixit:
- Duma na clog so co bráth
fodesta ro-fhinnfa cách;
195] leacht in trén-fhir Meic Erca
nírba tláith a imthechta.- Mallacht forsin tulaigsi,
for Cletiuch cétaib cuana,
narap maith a ith ná a blicht,
200] gurop lán dfhuath is d'anricht.
- Narab ann ríg ná ruirech,
ní dig neach ass co buidech;
bid cumain limsa rem lá
lecht ríg Érenn sin duma.D. n.