Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 108


1934] Ro éirigh Conn as a thaisib iar sin, & do gabad
1935] longphort leis ar Muigh Léna an adhaigh sin; & do bátar
1936] ag tabairt tesmolta Eógain Taídhlig ós aird, & gach nech
1937] ag adhlacadh a charad & a dheirbh-fhine féin aca; & doba
1938] mhór an-aíbhinn in obair sin. Ro fhácaibset eólaig gur
1939] mó do thuit do Leith Chuind ar Muigh Léna iná do
1940] Leith Moga, cidh ar Leith Moga do muid & gidh é a tigerna
1941] do thuit. Agus is ed deimhnigid ughdair gur mó do thuit
1942] le Mog Nuadad i n-a aenar díb iná leis in tshluag uile ó
1943] shin amach. Agus ro bátar co subach dubach amail
1944] fher serraigh an adhaigh sin .i. subach Conn in tan do-beiredh
1945] dá úidh Eógan do thuitim leis & Éire do
1946] chosnamh dó féin dá térnódh dia ghonaibh; dubach dobrónach
1947] uile iad, cnedach, osnadhach, o theinnes a cnedh & a


p.74


1948] n-áladh & ó díth a carat, & ó; mbeith féin ainmhech
1949] esbadhach. Táinic Conaire mac Mogha Lámha chucu
1950] ar n-a mhárach, & do fher Conn fáilti fris & ro fhiarfaig
1951] de cáit a roibe Maicniadh mac Luigdech. ‘Atá ag
1952] Rosaigh na Rígh thes ’, ar Conaire, ‘ & ní thibra sé
1953] taeb rib-si nó go fagha sé éraic Eógain Mhóir ampersir maithe
1954] Muman uaib, & Sadhb ingen Chuinn mar mhnaí’