Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 106


1898] Is and sin táinic Conn Céd-chathach a coinne
1899] Eógain ó 't-chonnairc an ainigin tuc ar a mhuinntir.
1900] & Goll isin éigin chomlainn a roibe, & Conall Cruachna
1901] i n-a écht uadha, & in t-ár tuc ar clainn Fheidhlimidh
1902] Rechtmair & ar clainn Morna & ar teglach Cuinn féin.
1903] Agus nírbo coinne sgíth-beg sgáth-uaimnech in dá aird-rígh
1904] sin ag rochtain araile, acht ba sádhudh dá chloch ndílend
1905] mar do chongbatar a croidhedha re cruas & re coimfherg
1906] a chéile; & nó go n-áirimhther gainem mara nó
1907] duille fedha no fér faithchi, ní ráinic & ní ro árimh ar
1908] thuit do láim Eógain isin irghail sin. Agus do thinóiledar
1909] an sluagh uile 'n-a urthimchell agá oirlech, & táncatar
1910] trí caogaid mac ríg Muimnech .i. do Mairtine Muman,
1911] chuigi, & ro sháidsed sleg gacha fir ann, & do marb-sum
1912] caoga díb-sium