Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 103


1839] Is ann sin táncatar trí rígh roda rechtmara do
1840] chairdib Moga Nuadad isin irgail .i. Tresmhaol mac
1841] Dolair & Laighnend Tuir Breogain & Ailill Tuir Nemhruaidh ,
1842] co tarla dá n-innsaighe trí h-onchoin ogla échtacha
1843] do chairdib Cuinn .i. Breac & Soradh & Mogh Corb; &
1844] do gon cách a chéile díb dá craísechuib crann-remra,
1845] gurbo créithir chom-tholla na cuirp ó imghonuib na
1846] craísech, co dtorchradar díb línib i n-a cosrachaib
1847] cró. Is ann sin táncatar dá rígh mera menmnacha
1848] d'fhírchairdib Eógain dá n-innsaighe .i. Flann mac Fiachrach ,
1849] a shen-athair, & Nuadha Derg mac Dáirine, a oide; &
1850] do-rinnedar sin urlaidhi agarbh ainiarmartach & cepach
1851] cirrthi do churadhuib cros-roinnti a timchell a tigerna.
1852] Co tarla dá n-innsaighe Asal mac Cuinn Fhéindedha,
1853] taísech teglaigh rígh Érenn, & Ros mac Imchada mac
1854] rígh Uladh, & do thuaircset a chéile co gáibhthech
1855] guasachtach, co rabatar taíb & ochta & asnach co h-eslán


p.71


1856] esbadach acu ón imghuin & ón urlaidhi sin; co torchradar
1857] urmhór na céd & na curadh 'sin chom-thuitim isna
1858] comlannuib sin i n-a n-esair an-abaid ar n-a n-athchuma