Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 100


1800] Ó 't-chonnairc Conn an ainigin tuc Mog Nuadad
1801] ar a chathaib & ar a chéduib & ar a churadhuib, ro
1802] fhuagair do Gholl míleta mac Mhorna Mog Nuadad do
1803] chosg do chách amail ro gheall ; & ro shechain féin a
1804] chomrac, uair do thimchill Mog Nuadad fá naí an
1805] cath agá iarraidh do dhígail a fheirgi & a anfholad air.
1806] Agus is é leth do-chuaid Conn ar a imgabáil a mesg
1807] chlainni mire Morna, uair tuc Eógan dá bréithir dá
1808] faghadh Conn a n-inat ghona nó imbualta nach bérdaís
1809] fir Érenn uadha é & ro mharbh imarcaidh laoch i n-a
1810] lenmhuinn