Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 99


1778] Cidh trá acht ó 't-chonnairc Eógan Taídlech a
1779] maithe agá mughugad & a dheigh-fhir 'gá ndíthugad & a
1780] churaid 'gá cirrbadh78 & a óig 'gá n-uaitiugad, ro lingestair
1781] buinde rod rechta isin rígh-mílid, co nár thuill i n-a chorp a
1782] chédfaid re áirem a écht & a esbadh i n-a fhiadhnais;
1783] & táinic roime i n-a thoraind fhergaigh fhorránaigh
1784] fhaobhraig fheochair -galaig dá n-agra. Uair is é a
1785] thres fá tend, & a chith fá cruaidh, & a fherg fá h-egal,
1786] & a thuinnsium fá teidhm, & a ghaisged fá gábadh, & a
1787] a dhíberg fá díth. Mairg tarla fá imlat a arm & a aigenta
1788] an uair sin, mana thegmadh chuigi cath coim-thiugh, &
1789] cind chroma, & cliath choim-neirt, & sgéith gan scuchad,
1790] {folio 12b. I} & freagartha ferg, & nert-ghabáil námhad, &
1791] aigenta uaille, díchracht díbergi. Gur fhácaib dá éis ar
1792] cuartugad an chatha an t-ár-shlecht oirlighthi, & na
1793] colla cirrtha cró-thesgtha, & na buidhni feósacha faonmarbtba
1794] díchendta dubh-gorma droch-cóirighthi; & rob


p.69


1795] imdha uadha re h-edh n-ath-gairid féinnidh fras-ghonta,
1796] & treóin ar tuisledhaigh, & beóil ar mbán-ghlasadh, & dóiti
1797] drom-ghonta, & cosa ar cam-luamain, & brugaid broinntesctha,
1798] & baoith ar buadhnasaigh, & óig a ndíth
1799] bhethad