Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 93


1672] Cidh trá acht ó 't-chonnairc Conn néll na maidne
1673] muiche suil do fhágaibsed réltanna aér, ráinic roime


p.65


1674] gan fis gan airiugad cusan longphort a roibe Fraech
1675] fithnasach mac ríg na h-Espáine, & sé féin & a fiche céd
1676] Espáinech a longphort ar leith ó chách i n-a shuan
1677] chodalta; & ro gáiredh umpa & do gab sluag Cuinn
1678] agá n-oirlech co h-arrachta. Agus is ris do éirigh{folio 11b. II}
1679] Fraech, re sestán na fer & na faobar, na n-écht & na
1680] n-espad i n-a thimchell. Ro éirigh Fraech co
1681] h-aithmélach as a phupaill, & ní thárraidh a threalam
1682] acht in lám-arm do bí fá láim aigi, & do chaithestair
1683] eisen co h-arrachta re h-imbualad & re h-urlaidhe ar
1684] curadhaibh Cuinn, co torchratar céd laoch don ruathar
1685] sin le mac rígh, na h-Espáine. Co tarrla Conn & Eochaid
1686] Én-shúla i n-a agaid dó, gur fhothraicedar in dá laighin
1687] le nertuib a lámh isin laoch-mhílid; & tuc-san dá ghuin
1688] áithesacha orro-sum, gur bris a n-éidedh gan fuirech &
1689] gorbo baogal báis re féghadh gach áladh díb sin; & ní
1690] comthrom a comrac, uair ní roibe acht léine il-delbach
1691] ór-shnáith fá mac rígh na h-Espáine, & do bátar in dá
1692] laoch eile éidighthi ó bhonn co bathais. Co torchair mac
1693] ríg na h-Espáine isin chomlann sin le Conn & re h-Eochaid
1694] Én-shúla