Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 87


1583] Is ann sin ráinic Eógan d'innsaighi a phuibli,
1584] & nír chian dó ann in tan ad-chonnairc dá indsaigid na
1585] trí badhbha bél-ginacha, & na trí h-arrachta fuachdha
1586] frithire folt-gharba.71 Trí mailgi fraochda for-garbha,
1587] gan deithbhir gan dealugad, ar fiarlaíd gacha h-aighthi
1588] ainmhigi odhar-duibe, ag tuitim & ag tathaighidh ar
1589] n-a glenn-shúilib geil-derga gruadhlaig-ísli. Trí sróna
1590] creimennacha cuas-fhinnfadhacha ag na caillechuib. Trí
1591] tengtha lista labarthacha lán-doilghi leó, co ngráin nguil
1592] & co n-uathmaire n-éighme & co neimib naithrech for a
1593] n-éighmhibh. Sé láma brodla bun-chaola barr-gránna
1594] buidh'-ingnecha ag na badhbhuib sin. Sé cosa caol-arda
1595] cnámh-lomma cam-ladracha ag na caillechaib sin. Gur
1596] gráinighedar na flaithi risna fuathaib sin