Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 78


1415] ‘Is ed ad-chualamair-ne ó Chonn,’ ar na
1416] techta, ‘nach dlegar saigin tar síth ná cath tar comaidh
1417] ná mire tar móir-réir.’ ‘Cia sibh-si féin, a
1418] óga?’ ar Eógan. ‘Eochaid Glúin-ghel & Fiachaid Láim-gel
1419] sinne,’ ar siad, ‘dá mac rígh Oighle & Umaill, dá
1420] chomalta do Chonn.’ ‘In budh geall re oirechas nó
1421] re umhla dam-sa sib?’ ar Eógan. ‘Ní budh edh,’ ar
1422] siad, ‘uair doba díchur flaithesa dó-san oirechas Érenn
1423] d'inggabáil ar aba anma én-deisi; uair do-geib mac maith
1424] muinnter,66 & atá & biaid Ére aigi sin, uair is é baránta
1425] is ferr dá caithem & dá cosnam é ; & is briathar dúinne
1426] do réir ar n-aithni-ne ar Conn, acht gé tharcaid comaid


p.56


1427] uadh nach léicfedh baile biataigh d'Érinn duit-si, acht
1428] gurb áil leis do dhul-sa tar cóir & tar comaid.’ Ro
1429] fergaiged Eógan uime sin & at-bert,67 ‘Beiridh libh na
1430] techta úd,’ ar Eógan, ‘co mullach na tulcha & riaghthar
1431] lib iad’ Do-rónadh amhlaid sin friú, conid uatha aderar
1432] na Riagha Mhaigi Léna beós