Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 45


888] Ro gluais Eógan & a naí catha cóirighthi co
889] rángadar go Magh Dhá Dhos a ndeiscert Delbhna, & do
890] thaobadar coiméd Muman re Laignechuib, & ráncatar
891] co sen-Áth Mór ar n-a márach {folio 7a. I}risi n-abar Áth
892] Luain meic Lugair mic Luigdech; & do bátar an adaigh
893] sin ar ur in átha. Agus do-riachtatar ar n-a márach
894] tar Duib & tar Droibél, & do gabatar ag Loch uili in
895] adhaigh sin; & táncatar a Tochar Caorach Meadba ar
896] n-a márach, & a Magh n-Aoi mic Allgubha an druadh.
897] Agus dob áil le h-Eógan gan anad ann sin, acht Cruacha
898] do chreachad & Mag n-Aoi dh'argain, nó co tuc Conaire
899] & Maicniadh imfhastódh air mar athchuinchidh do
900] chongbáil a caradraid & a clemhnasa re Conn, nó co
901] cuirdís techtairecht um chert nó um chomroinn chríchi
902] chuigi; agus adubairt Eógan nach tibrad comroind dÉrinn
903] uadha. ‘Ní gnáth cath gan comaid, a Eógain’ ar iad-san,
904] ‘& taircther leth Érenn uait-si do Chonn,’ ar
905] siad, ‘& bídh an leth ro chosnais féin d'Érenn agad-sa.’
906] Tucad Derg Damsa draí co Mog Nuadad & adubrad ris
907] dul do thaircsin na comronna sin do Chonn