Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 43


847] 42Agus ad-bert:—


    1. 848] A Maghair, éirigh bu dhes

      849] co crích Laighen na laoch-les ;

      850] ráidli re Fiachaid , foram nglé,

      851] táinic sunn mo shochraide

    2. 852] Mór in tsochraide fil ann,

      853] Fraoch Míleasach, laoch nach gann ,

      854] is fiche céd co náire

      855] do shluag adbal Easpáini.

    3. p.35


    4. 856] Millfidh Cruacha, gníomh gan geiss,

      857] & Emhain gan éisleis ;

      858] an ríghe benfaid do Chonn,

      859] dá bhfinna cách a chomlonn.

    5. 860] Tuitfid Conall lonn dá láim ,

      861] dagh-mac Aongusa imláin ;

      862] mar do-rinnis gním tré goil

      863] innis go fír, a Maghair.


    864] A Magair.