Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 38


770] Tugad Magar mac ríg gairb-deiscirt Érenn co
771] h-Eógan & adubairt fris dul co Carn mBuide mar a rabadar
772] maithi Muman um Chonaire & um Maicniad; ‘& innis
773] dóib-side39 co tánac-sa a n-Érinn don dula sa, &
774] sloinn a fuil d'allmarchaib am fhochair; & is ferr
775] linn umla d'fhagáil uatha san ar áis iná ar éigin.’ Agus
776] ráinic roime co bruidin Chairn Buidi, & do bátar an
777] dá ríg sin & maithi Muman uile a n-én-tig óla & siad mesgda
778] medar-chaín & do shloinn a thechtairecht, & ní thucsad
779] fregra fair, acht ad-bertadar fris fromad na fleidi mar


p.32


780] chách. {folio 6b. I}Agus ní h-edh sin do rinne Magar,
781] acht ráinic roime d'acallaimh Eógain & do innis scéla dó.
782] Agus do fergaiged Eógan de sin, & adubairt re n-a muinnter
783] éirghi do dhénam. ‘Ní h-amhlaidh sin do-géntar,’ ar
784] ingen ríg na h-Espáine, ‘acht ragaid in draí úd dá
785] n-agallaimh’ ; & is aire sin do h-anadh aca.