Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 33


678] Is ann sin táinic síth na ndúl & na n-aird-rennach
679] dóib & fuaradar gaoth co des & go dírech i n-a ndegaid; &
680] do éirghedar na foirne feramla risna fedmannuib, & do
681] chengladar na téda righne remar-daingne dona ruadborduib
682] co cubaid comaontadhach gan righi gan ro-thennadh;
683] & do gabatar na foirne lonna láin-ésgaidhe
684] um na lebar-théduib co h-aithnidh inntlechtach dia


p.28


685] tacmac gan díchell gan dermad ó tá eibil go h-achtam .
686] Agus do chuadar na longa a cenn imthechta co
687] léidmeach ó na láim-fhedmannuib tar fudomnaib fliuchdoimne
688] na fairgi, & tar colbaduib corracha na cnoc-bóchna,
689] & tar sléibhtib siblacha na sen-fhairgi, & tar cladhuib
690] troma tuirseacha na trethan, & tar cisélaibh comdorcha
691] {folio 6a. I} cith-braenacha na calad, & tar tonnuib sotla slis-
692] tiuga na srothann, & tar radarcuib fuachda fraech-niata
693] na fairrgi; go tarla in muir i n-a nuall mer-uallach ag at
694] & ag éirghe le ferg na fuar-ghaíthi 'gá forrach ; gur thuigsedar
695] go h-éimheach na h-aird-rennaig ferg & fuasaíd na fairgi
696] ar bhfhás & ar forbairt, ó rángadar gadána gudhamnacha
697] na gaíthi dá gresacht.