Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 28


584] Agus tucad Dá Drona draí d'innsaigidh in rígh.
585] ‘Éirigh,’ ar sé, ‘& fiarfaig d'Eógan créad dó gan
586] mh'ingen-sa d'iarraidh’ ; & fiarfaigis in draí sin d'Eógan.
587] ‘Adér-sa rit-sa a adhbhar sin,’ ar Eógan, ‘uair nír
588] miadh lium-sa m'éra fá mnaí, & dob h-egail lim breath
589] innarbthach do breith orm; & fós,’ ar sé, ‘ní thucus
590] seóid ná innmhas lim a h-Érinn dá tabairt d'éigsib nó
591] d'ollamnaibh; & is inmuin lium ingen an ríg fós,’ ar sé,
592] ‘& atá mo shúil re cairdes in rígh, & ní biadh dá n-obadh
593] a ingen do thabairt dam.’ Agus táinic Dá Drona leisin
594] aithesg sin dochum an rígh. ‘Is fregra fhlatha sin,’ ar
595] rí na h-Espáine, ‘& abair-si rem ingin-si suide ar láimh
596] ndeis Eógain isin aonach, & dénadh sí feis leis anocht.’
597] Agus do-chuaid Bera go h-ésgaid isin inad sin & adubairt
598] re n-a h-inailt dul ar chenn in lenna do-rinne sí d'Eógan,
599] & tucad dá innsaigid í, & do gabh uime ar uachtar a édidh
600] í go roibhe a taídhlech & a taitnem ar fad an aonaigh
601] uile, conidh de ro len {folio 5a. II}Eógan Taídhlech de.