Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 21


429] 16Agus do bátar sluaig Chuinn & clanna Morna
430] ag tuarcain na Cloichi Barraighi & na cloch tuinidhi eile
431] do bí isin trácht, & gor brisedar a n-airm ogá tuargain &
432] gur mhaoladar an chuid nár brisedar díb. Agus adubairt
433] Conn riú, ‘Sguiridh bar tuarcuin, a óga,’ ar sé, ‘uair
434] cairrgi cloch atá in bar n-agaid, & do-chuaidh Eógan
435] uaib.’ Agus do anatar sluaig Chuinn ann sin dá
436] n-urrlaidhi, & do chonncadar na longa uatha ar an aigén
437] & Eógan co n-a muinntir innta; & do impó Conn & Conaire
438] & Maicniadh & tángadar go Carn mBuidhe an aidhchi
439] sin. Do roinn Conn dá chóiged Mumhan etir Conaire &
440] Maicniadh, {folio 4a}& do imthig fén roime go Temraig, &
441] do bí Ére aigi gan imresuin fri ré naí mbliadan .i. in fad
442] do bí Eógan a n-Espáin. Imthúsa fer Muman, do
443] ordaighedar a fledha & a fuirega do thabairt chucu co
444] Carn mBuidhi, & do ordaigedar a feithme & a forairedha
445] do chur re h-agaid Eógain ó tá Áth Calbh aniar go
446] Tráigh Sen-locha soir, & ó Dún na mBárc atuaidh co
447] Trácht Remar uo dhes .