Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 19


393] 12Agus do bí lennán lán-chumachtach ag Eógan
394] isin oirer sin .i. Édaín Innsi Greagraidhe, & do foillsiged


p.16


395] dí Eógan do beith isin éigen sin . 13Tic Édaín d'fhurtacht
396] Eógain & beiris lé asin éigen sin é d'aimdheóin a inntine,
397] & fágbais in Cloich mBarraigh agá tuargain a ndeilbh
398] duine tré druídhecht ag Goll & ag clannuib Morna & ag
399] slicht Fheidhlimid Rechtmair; & do-ní daíne dona
400] cairrgib coim-shlemhna & do chlochaib tuinighthi in
401] talman
a timcheall Eógain dá imchoiméd. Conadh
402] ón barrad sin tuc in chloch ar armaib Guill ro len in
403] Chloch Barrach dí ó shin i-lle. Agus tuc Édaín
404] naí longa luchtmara lé ar cuan Chinn Mara, & ruc Eógan
405] & ar mhair dá muinntir lé isna longuib sin co nach raibi
406] cumus nó cumachta ag Conn ar na curadhuibh.