Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 18


350] Ó 't-chualaid Mog Nuadad nem-daínighe
351] Chuinn isin chomnaidhe ad-bert re n-a muinnter{folio 3a. II}
352] éirghi do thabairt amais longphuirt ar in laochraidh sin,
353] ó nach roibe lín catha do churadaibh a n-agaid Chuinn;
354] & do thinóilsed clanna Deirgtheinedh co deg-thapaid
355] & do innsaigedar co Conn a cédóir. Rángatar rompa a
356] comfhogus Chairn Buidhe & do gháirsed féin & forairedha
357] Cuinn dá chéile, & dob ingnad le Conn a cluinsin ag
358] comfhuachad re fiallach na foraire don taob amuigh
359] don longphort isin maidin. Agus do éirghedar clanna
360] Morna & Conn co n-a churadhaibh, & tángadar i n-a
361] cathaib cóirigthi a n-agaidh Eógain co n-a uathad
362] shochraidi, & do cuiredh imaireg amnas etorra re h-edh
363] n-im-chian, gur thoitsed ánraidh imda etorra do gach
364] leith. Agus do-rat Eógan dá úidh nach fuair comthrom
365] comlainn .i. in sluag uile a n-aghaid én-duine , uair do
366] thuitset urmór a muinntire, & nír miadh leis teithed, &
367] do shanntaigh a dhíghailt; & do léig fá chathaib Cuinn


p.15


368] hé d'iarraidh Chuinn, uair ba derb leis hé féin do thuitim
369] & ba deimin leis Conn do thuitim leis dá táirsedh én-buille
370] dá shúil de; agus do gabh ag slaidhi na sluag . Amail
371] rucht prímh-luinge dá h-acairib tustall an churadh a
372] cath a bidhbad & a námad, & ní creitfide ó lebar ná ó eólchaib
373] re innisin ar thoit le Eógan isin irghail sin. Go tarla
374] ris Goll mór mac Morna, & do chomracsed in dá chath-
375] mílid sin co niata nem-uis náimhdemail ; & nírb ingnadh
376] sin, uair dobo créchta gan dúnadh a nderg-náimdenas,
377] & ní tháinic fiadhail tar a faltaib, & do ruamnaigedar a
378] ruisg amail taídhlech réltann ag reódh, & do línatar a
379] n-ochta dá n-análaib amail bolga gabann ag grís-shéided,
380] gur chréchtnaighetar na cath-mílid a chéili go mór.
381] {folio 3b. I} Agus do bí éigen mór ar Eógan 'm an am sin
382] .i. Leth Chuinn & urmhór Leithi Mogha um Chonaire
383] & um Maicniadh i n-a agaidh, & do bí éigen budh mó iná
384] sin air .i. Goll mac Morna agá thuarcain. Agus ní roibe
385] Eógan acht uathad dá degh-muinntir, & in chuid nár
386] marbad díb do bátar ar n-a créchtnugad; & do luigh in irghal
387] ar Eógan gur léigedar cách a fheidm catha fair, co nach
388] raibi do chongnamh aigi acht uaisli a fhola & cruaidi
389] a chraidhi & méd a menman & ro-méd a fhedhma & a
390] fhulaing. Agus adubradh gomadh dí-chreidte le
391] sochaidi do midh-laochaib go tuitfedh le céd ar thuit
392] le h-Eógan i n-a énar a cath na Cloichi Barraighi.