Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 17


336] Imthúsa Cuinn, do comairledh aige féin gan dul
337] isin mbelach mbodhba sin do bí etir sé & Eógan, acht
338] gabáil rompa a mullach na Mangartaig . Agus ad-chonncadar
339] as sin uatha éide & innile imdha a nGlinn
340] Laídhi, & laochraidh Muman ar n-anadh d'fhorgla ann
341] ó Eógan, uair do chedaig Eógan dóib a n-anamain ag
342] Conaire & ag Maicniadh ó nach raibe féin lín catha dóib.
343] Ro giallsat uile co coitchenn do Chonn & do roinn
344] Conn dá chóiged Muman itir Chonaire & Maicniadh.
345] Agus do impótar siar uile ann sin & do-chuadar budh
346] des co Carn mBuide a n-Érnaib, & do-chuaid cách lé
347] thosgaib féin do maithib Muman i n-a n-uirthimcheall ;
348] & do an Conn co n-a churadhaib coimlenmana 'n-a
349] comnaidhe a Carn Buide.