Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 14


287] Agus ráinic Eógan roime don réim sin go Glais
288] Fhinnra a Feimen-mhuig, & do chuir sé Derg Damsa
289] draoi go Mag Siúil ar cúla go Conn d'iarraidh chairdi
290] re comairle air. Mar ráinic in draí co longphort Cuinn
291] do iarr ar Conn a léigen dó fert do chlaidhi do Mogh
292] Néid, & fuair sé an ced sin ó Chonn; & do-chuaid ós
293] cinn chuirp Moga Néid & do gab ag tuirsi uime fár h-imred
294] d'étualang air, & adubairt gorbo tualaing catha Cuinn ar
295] maithib Muman ar in mag sin, conidh aire sin do len
296] Magh Tualaing de. Agus do-rinne Derg Damsa draoi
297] fert do Mogh Néid, & do h-adhlaiced ann é co n-a arm ,
298] co n-a eirredh , co n-a éidedh, & co n-a chathbarr .