Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 5


70] A h-aithli na laíde sin tucad Derg Damsa, draí Moga
71] Néid, dá n-innsaigid do breith breithi ar in aisling sin,
72] & do h-innisedh dó í cin fuirech; & adubairt Derg Damsa,


p.4


73] ‘Ticfaid ann,’ ar sé, ‘secht mbliadna bláthmara co
74] n-imad toraidh etha & aird-bleachta, mesa & mór-thoridh,
75] co nach tibra neach cennus dá chéile innta; & ticfaidh
76] secht mbliadhna dona daidhbre dí-chumaing i n-a
77] ndiaidh -séin, co nach tibra in mac mír don athair
78] innta ná an ingen don máthair ná an cara dá chéile.’
79] Is ann sin do cumadh comairle ag Mogh Néid, mar fuair
80] fis na fáistine sin, & is é ní do h-ordaiged aigi, airg & airdlestair
81] & tighi talman & teghdhaisi trebar-dhaingne do
82] chomdlúthugadh ar chinn na céd-aimsire sin do
83] thairrngir Derg Damsa; gur línsad do biadh & do buantoradh
84] uile iad, uair ní gabad Mog Néid ní i n-a chís
85] rígh acht biadh uile , nó co ndeachatar na secht mbliadhna
86] ithmara as & tángadar na secht ndroch-bliadhna 'n-a
87] ndegaid sin. Daidhbre & terce bídh ar in chéd-bliadhain
88] díb; cunnrad & cennaigecht isin bliadhain
89] tánaisti díb. Acht én-ní, do luigh trom-gorta mór orra
90] uile ann sin, gur folmaighid na treba & na tírthi, na h-iatha
91] & na h-aicmeda aca; uair gérbo tenn in teidm sin {folio 1b. II}
92] in gach tír eile a n-Érinn, dobo mó isin Mumhain hé.