Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 3


32] Go facaid a máthair aisling ingnad .i. Sída
33] ingen Fhloind mic Fiachrach .i. ríg oirrthir Muman
34] .i. secht mba finna ó-derga d'fhaicsin isin oidchi dí go
35] linn-bolgaib lachtmara i n-a carcruib, go snáimfidís
36] meic midh-aísi ar na linntib lemnachta do fhágbaidís
37] na h-óg-ba sin a n-íslib & a n-etrigib na talman. Agus
38] ad-chonnairc a cinn athaid ann-séin secht mba
39] duaibsecha ar dath dethaigi 'n-a ndeghaidh , & fá lór
40] d'adh-uath & d'úr-gráin a faicsin & ruisg t[h]enntidhe i
41] n-a tulaibh & adharca iarnaide forra; & do chomraicsed
42] risna céd-buaib {folio 1b. I}gur leghsad & gur lán-millsed
43] uile iad, co nár fhágaibsed leadhb ar láthair díb. Ro
44] innis Sída a h-aislingi don aird-ríg ar n-éirgi, & do gab
45] faitches in rí roimpi, & adubairt in ríghan in laíd ann: