Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 2


9] Agus is aire at-beirthí in t-ainm sin ris .i. Nuadha
10] Derg mac Dáirine oirrígh do rígaib Muman ro oil hé .
11] Agus do claidhed ráith ríghdha ar Muigh Fheimhin
12] aigi-séin , & do bí féin & Derg Damsa draí re h-agaidh
13] na h-oibre 'gá h-ordugad, & Eógan ar a báire baísi a
14] coimidecht a oide ann; & do bádar naonbar mogadh ar
15] uilind don ráith agá claidhe, & tarla cloch mór a mbél
16] na h-oibre isin díg dóib nár fhédadar d'aitherrach ná
17] d'urthógbáil, & tángadar lucht na h-oibre uile dá
18] h-innsaighi & nír thoill lín a tógbhála do thréin- fheruib
19] i n-a timcheall. Tarla Eógan ag airiugad {folio 1a. II}an
20] fhedhma sin, & ó 'd-chonnairc cách ag tréigen a tóghbála
21] do iadhastair féin a dhá láim go h-ain-mín uimpe, & tuc
22] fuirmed fedhma go h-árrachta fuirre go tucastair a talmain
23] í, & tuc feidm eile fuirre gur chuir ar a glún go glé-nertmar
24] í, & do chuir dá glún ar a ghualainn, & do chuir dá


p.2


25] gualainn a n-agaidh in chlaidhi ar múr imeallach na
26] h-oibre hí. ‘Is uasal in mog úd, a Nuadha,’ ar in
27] teglach. ‘Biaidh in t-ainm sin air go bráth,’ ar
28] Derg Damsa draí .i. Mogh Nuadhad; go rabadar dá
29] ainm aca air ann sin .i. Eógan Mór & Mog Nuadhad. Agus
30] do bí 'n-a adhbar ríg gan fhresabra 'gá móradh ag
31] maithib Muimnech nó go táinic aimser chatha Cnucha.