Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Almaine (Author: Unknown)

Recension 3

Cath Almaine and-so Yellow Book of Lecan.

1

Baí cocad mór iter Chathal mac Findguine & Fergal mac Maíli-dúin fri ré fota. Cathal mac Finngune meic Con-gen-máthair meic Cathail meic Áeda Flaind Cathrach meic Cairpre
5] meic Crimthainn Sreb meic Echach meic Áengusa meic Nadfraích
. Docrech Laigniu trá Fergal mac Maíli-dúin ar ulcuib fria Cathal mac Findgaine. Roairg dno Cathal mac Findgani Mag m-Breg uili co n-dernsad síd & comosad.

2

Do-luid trá fecht and Fergal atuaid do saigid bóroma ar
10] Laignib co feraib in tuaiscirt uime. Ba fada trá robás acan tinól-sin la Fergal. Is ed ad-bered cach fer fris: ‘dia n-dechad Dond Bó lat, ragad-sa lat’.

3

Baintrebthach immorro máthair Duind Bó. Is amlaid immorro baí Dond Bó; mac as áine & is áilli & is chaíme baí a
15] n-Érinn ésen. Nír léic a máthair do Dunn Bó dul aráen re Fergal co tardad rátha & cora Coluim Chilli fris co tísad slán ar cúlu. Tuctha dó sin.

4

Tic ar sin Fergal d'indsaigid Laigen. Bádar immorro droch-eolaig ria Fergal & tucsad ar aimréigib na críchi uili h-é.
20] Is í iarum conair thucsad an eolaig .i. do Chluain Dolcain, & gabsad longport ar brú na cilli & tucsad imadall mór arin cill .i. araili clam baí in tan-sin & áen-bó ogai; táncas íar tain docum in chlaim co robenad a tech dia chind, & tardad forgom do gaí fair co tarla triana brat & co romarbad a én-bó, & rohindeonad
25] ar beraib iaraind in bó iar sin.

5

Is ann-sin as-bert Cú-Bretan mac ÁengusaFer Rois.

  1. At-ágar cath forderg fland,
    a firg Fhergaile ad-glind,
    ad brónaig muinter Meic Muiri
    30] ar m-breith a taigi dia chind.
  2. Bó in chlaim,
    dogáed a n-degaid an doim,
    mairg láim ler tolled a brat
    ria techt i cath co mac m-Brain.
  3. 35] Dá m-beith neach do-berad cath
    matren dreman ria mac m-Brain;
    andsa leam oldás ind ráe
    in cáe rocanad in chlaim.

6

Is and-sin as-bert fria Dond m-Bó in aidhchi-sin ré
40] tobairt in chatha: ‘déntar let ar n-airfided innocht a Duind Bó’ ar Fergal, ar is é Dond Bó fer airfidig as dech baí i nn-Érinn iter senchas & rundu & cuslind & cach ciniúl airfidig archeana. Ad-bert Dond Bó: ‘ní fédaim-sea ém áen-fhocol ar mo bél anocht & airfided nech aili thú anocht. Acht chena cidbé airm
45] a rabais amárach d'agaid do-dén-sa th'airfided. Dénad iarum úa Maiglindi innocht ar n-airfided ar is é ríg-drúth Érenn hé’.

7

Do-rónnad dno amlaid-sin an aidchi-sin.

8

Lodar Laigin arnamárach co Cruachan Cláenta &
50] táncadar íar sin co Dind Canand.

9

Is and-sin trá con-ráncadar Leth Cuind & Laigin ceand i cend & rocommórad and-sin trá ind urgal & inn imargul is fíchda roferad i n-Érinn riam. Ba fortrén ba ferrda rofiged in gleo guineach gáimtheach in tan-sin. Badar imda trá and-sin
55] meic ríg & ruirech & rodáeine & tánaisti flatha fodésin & sáerclanda socheineóil a n-égmais a n-anma. Ba buideach badb birach bélsalach in uair-sin & bad brónaid máthair báeid ig gul & ig golgairi ac caíneadi na sáercland in uair-sin.

10

Ní roan trá & nír thairis menma Coluim Cilli ar Uíb
60] Néill
isin cath-sin la faicsin m-Brigdi ós cath Laigen ac fubdad slóig Lethi Cuind, conad la faicsin Brigdi amlaid-sin romebaid in cath ar Fergal & ar Leth Cuind ria n-Áed .i. rí Descirt Laigen, & is ésin romarb Fergal & Buan mac BailiAlban & Dond Bó, & co n-dorchair Dond Bó didiu ní romarbad Fergal. Atá didiu
65] Cnoc & Brí Buain meic BaileAlban and-sin béos.

11

Seasca ar cét romarbad and d'amsaib in ríg and .i. Conall MeandCeneóil Cairpre, & ForbhasachCeneóil Bóguine, & Fergal úa h-Aithechda, & Fergal mac Echach LeamnaiTamnaigi, & Condalach mac Conaing, & Éignech mac
70] Olcan
rí na n-Airter, Coibdinach mac Fiachrach, & Muirgius mac Conaill, Lethait mac Con-carad, & Áedgen úa Mathgne, Nuada mac OircGall, & dech uí Máeili-fithrig. At é and-sin trá ríga in tuaiscirt do-ecrsad isin chath-sin. At iat-so immorro ríga Uá Néill in Deiscirt romarbaid
75] and .i. Fland mac Ragnaill, Ailill mac Feradaig, Áed Laigen úa Cernaig, Suibni mac Congalaig, Nia mac Cormaic, Dub-dá-crích mac Duib-dá-inber, Ailill mac Conaill Grant, Flaitheamail mac DlúthaigCorpre Cruim, Fergus ó h-Eogain. Hic totus numirus de reigibus ceciderunt & alii novem
80] uolatiles septem millia cecinerunt in bello ab utroque exercitu.

12

& inde Nuadu úa Lomthuile dixit:

  1. Medón laí a n-Almaine,
    ag cosnum buair Bregmaine,
    ro-lá badb bélderg birach
    85] ilach im cheand Feargaile.
  2. Scarais Murcad fri midlaig,
    i m-rogaes trén for talmain;
    do-sói fóebar fri Feargal,
    co fén n-dermair de Almain.
  3. 90] Ad-bath cét ruireach rathach ruamach,
    co cét costadach carnach,
    im náei gelta gin míne,
    im secht míli fer n-armach.

M.

A tertkalendas Decimper ar aí laithi mís gréne & dia Mairt ar
95] aí laithi sechtmaine rofigead cath Almaine.

13

Is and-sin rogabad úa Maiglindi, .i. in ríg-drúith, la Laigniu & la Murchad & do-radad fair gém druad do dénam. Ba mór trá in géim-sin & ba bind co fuil gém úa Maiglindi ac sochaide d'feraib Érenn ó sin ille. Do-radad iar sin bém dar
100] a munél cor beanad a cheand de. Ad-beraid aroili na h-eolach robaí gém uí Maiglindi isinn áer co ceann trí tráth. Is de-sin atá gém uí Maiglindi ac tofund na fer isin mónaid.

14

Is and-sin ad-bert araili láech maith do Conachtaib ri macaib: ‘nácham-fácbaid a gillu’, olsé, ‘bid fearrdi frib
105] menma bar máthar dianum-rucasa lib.’ Impóid iar sin fris & tócbaid leo h-é. Do-luid Áed Allán mac Feargaile asin cath co ránic in Gall dár comainm Lilach & adchis-eom in Gall .i. LisicachLilcach leis dia comairci. Pruidens didiu ainm in Gaill-sin; co n-deachaid int aingel ar in cleith a richt in
110] clérig, air do-arngert bithanad isin chill-sin. Is and-sin ad-bert Áed Allán in rand-sa:

  1. Ní ráncamar ar talmain
    Almain bade rédigthir,
    ní fuaramar iarsin cath
    115] Lilcach ulchach badi néimidhir.
Roadnocht immorro Cú-Bretan mac Áengusa .i. rí Fer Rois.

15

Bádar Laigin trá ac fleadugad & ag ól an aidchi-sin. Is ann-sin ad-bert Murchad mac Brain re h-áen dona sluagaib bádar isin tig teacht ar ceand cind duine isinn ármuig, & do-bérad
120] secht cumala dontí noradad ri sin. ‘Radad-sa and’, ar áen-óclach amna d'feraib Muman. Luid-sen amach & a errad catha & comlaind uime co rocht co h-airm a m-baí corp Fergail. Amal baí, co cualai inní nechtair isinn áer ar ro-closs uili fris hé. ‘Timarnad dúib ó maig nime airfided bar tigerna do
125] dénam anocht .i. Fergal mac Maíli-dúin; do-rochrabair uili in bar n-éicsib sunn aráen re bar tigerna .i. ri Feargal.’ Ro-chualadar immorro in ceol iar tain iter áes dána & cornairi & cusleanncha & cruitiri, co cuala immorro na ceola écsamla & ní cuala riam ná iarum ceol bud ferr; co cuala didiu in guth
130] isin tup luacra; ba bindi in ceol í-sin anád ceola in domain.

16

Luid int ócláech iar sin ina docum. ‘Ná tairr cucum’, ar in cenn fris; ‘cid ón cindus ataí’, ar int ócláech; ‘misi Donn Bó’, ar in ceand, ‘& ronaisced orm airfided dom thigerna anocht
135] .i. do Fergal. Ní do Murchad itir’, ar in ceand. ‘Cait Fergal fén’, ar ant óclach: ‘is é a chorp in taitneamach rit anall’, ar in ceand. ‘Cest’, ar int ócláech: ‘nod-bér lium’. ‘Is tú is deach lium nom-bera ar bith’, ar in ceand, ‘acht namá menum-berad Críst mac Dé’. ‘Dianom-bera’, ar in cend,
140] ‘curam-tuca dorigisi com cholaind’. ‘Dot-bértar éigin’, ar int óclach.

17

Do-chuaid immorro int ócláech dia thig & in ceand lais. ‘An tucuis lat ní asan ármuig’, ar Murchad. ‘Tucus trá’, ar int ócláech; ‘tobair aran uaitni thall’, ar Murcad. Do-rat in slóg
145] uili aichni, arin ceand & ráidsead uli: ‘Nírb irsun duid a Duind Bó bith amlaid-sin. Is tú is áilli & is fearr airfidid baí i n-Érinn’. ‘Maith’, ar in láech, das-bert a maig in ceand: ‘déna airfided dúind, a Duind Bó, fo dáig Meic Dé .i. Ísa Críst i n-deachaid
150] gnúis. Airfid Laigniu anocht feib roairfidis do thigerna ó chianaib’.

18

Impáis iarum a aiged re fraighidh in tigi ar dáig cumad dorcha dó & tócbais a chrúisich ós aird combo bindi cach ceol ar tuind talman. Co mbádar in slóg uili ag caí & ac toirrsi
155] ria truaigi & ri taidhiúiri in ciúil rochan.

19

In tan trá ba scíth in sluag ac toirrsi ac éstecht frisin ceol, luid int ócláech cétna lasin cend co riacht an corp. ‘Maith ém’, ar in ceann risin ógláech; ‘tuidmi mo cheand rim chorp’; córaigis didiu int ócláech in cend risin colaind & leanaid
160] de fo cétóir; do comall bréithri Coluim Cille ón, air is é Colum Cille baí na slánaigecht fona techt i tuaig do-ridisi docum a máthar co roindised scéla in chatha & aiged Fergail di-si & do chách.

20

A nn-écmais dno Cathail meic Findgaine rofhersad
165] Laigin in cath-sa Almaine, & rob olc ria Cathal in cath do cur ina aémais fén , & ad-cualadar Laigin grúg Cathail do beith riu, conad h-í comairli do-rónsad. Ceann Fergail do breith co Cathal da commaídeam in gníma; rucad iar sin in ceand siar co Cathal, conad and-sin as-bert Rumand fili Fergail and so:

    1. 170] Robíth Fergal fer caín cnedmar,
      gríb glond galann;
      rogob óengol amal toraind
      ó tá Indsi Modh co Manaind.

21

Is and-sin didiu baí Cathal a n-Glendamain na ríg ac
175] Sléb Chrot, & in slóg do-deochaid lasin ceand rotriallad a marbad la Cathal, uair ba h-olc lais díth Fergail dar ceand a shída.

22

Dofoilced rofigedh roslemanchírad do chind Fergail iar sin la Cathal & do-bretha bréid sróill uime iar sin, & do-bretha
180] secht n-doim & secht muilt & secht tindi & siad uili fonaigthi ar bélaib cind Fergail; rohimdergad iar sin imon ceand a fiadnaisi fer Muman uili & dofoslaic a shúili ria Dia do altugad na h-airmiden & na h-anóra móiri-sin tucad dó. Rofodlad iar sin la Cathal in biad-sin do bochtaib na cell
185] comfhocus baí dóib .i. Áth Chros Mo-Laga & Tulach Min Molaga.

23

Luid iar sin Cathal co n-gléri tinóil fer Muman les d'idnocol chind Fergail como-tarad fén d'Uíb Néill. & co tarad rígi Úa Néill do Flaithbertach mac Áeda, & fácbais
190] Cathal amlaid-sin iad & tánic co Gleandamain na ríg i cind cháectigis ar mís.

24

Is iar sin trá rofigh cocad mór i Laignib i n-agaid Cathail meic Findgune, & co rothinóil Cathal fir Muman les, & co n-deachaid a n-agaid Fáelán ríg Laigen co Laignib uili
195] aráen ris & curter and-sin cath Féli iter Fáelán & Cathal, & do-cer Fáelcar; rí Osraidi and & brister an cath ar Laignib.

25

Imscarad Cathail & Laigin connuigi sin.


197]
Finit. amen. Finit.