Corpus of Electronic Texts Edition
Die Wiederauffindung der Táin Bó Cúalnge (Author: Unknown)
Ich teile hier zwei bisher unbekannte Versionen dieser Sage mit, eine ältere aus Egerton 1782, [www.ucc.ie/celt/published/G302019] wohl die älteste Fassung, die wir besitzen, und eine jüngere aus der Stowe Collection.

p.4

{folio 49b2}Do faillsiugud Tána Bó Cuailngni in remscél-sa sís, iarsinní dia raibi etarport isna dáinib móraib ro bátar i n-Érinn; ar nír'-mair don Tháin acht blogha dí namá ro bói ac cách co coitcenn.

Is hé tra fotha dia raibe in scél-sa .i. Gúairi Aidhni mac Colmáin .i. ríg Connacht & Senchán Torpéist rob airdfili Érenn in tan sin. Is ann sin ro thotlaigh Gúairi for Senchán .i. Táin Bó Cúailngi do faisnéis. Is éiside dano forcaemnacair la Meidb & Ailill, fri h-Ultu im Concobar. Is becc nár'díbaidh uili a h-Érinn in scél sin, co ná raibi acht mádh foraithmed bec & mod cuimne dí i n-Érinn in tan sin.

{folio 50a1}At-bert Senchán fri Gúairi .i. eadh & cairde do lécud dó fri h-iaraidh in scéoil sin. ‘Rodbia-su ón,’ ar Gúairi. Is ed tra forúair dó-sum cuingid d'iarraidh in scéoil sin, dáig ní búi aici-sim féin in scél sin .i. do ceist & do ances for Senchán in scél sin & dia aimsiugud. & bo geis dono don fhilidh isin aimsir sin anfis do beith fair.

Is ann sin tra ro forcongradh ó Shenchán for filedaibh Érenn torachtain chuige, gur ra fhiarfaigh dóib inar' meabor léo Táin Bó Cúilngi ina h-óige imlán. Ad-rubradar uile na filid nárbo mebhor acht mádh tirúarsi & blogha beca dhí.

Is ann sin didu do rónadh tech la Gúairi do Senchán ótá Durlus n-Gúaire co Clúain Ferta Brénaind & Senchán i medón in tighi sin, co ná rísadh gemlóichet hé ná gaeth ná fleochud. In uair tra no benadh bainne don gemlóichet dar a aighid, no thócbadh builcc chorcra fair. Ro soich Senchán iar sin co Clúain Ferta & fúabrais troscud fa chétóir for Brénaind .i. glámadh digcenn & aera do dhénum dó, co túarcaibh Brénaind cenn in oidhchi sin dí araile céili Dé bói isin baile (ar nír'mhair Brénaind in inbhuidh sin) & at-bert Brénaind: ‘Abair fri Senchán,’ ar sé, ‘coisced a ghlámadh & a aerad, & in eitchi connaigh, ní sunn atá dhó, acht a Clúain mic Nois & la Cíarán mac in t-sáir & tabrad hé budhéin & a clann & a cinél co bráth & do Chiarán.’ At-bert in céle Dé fri Sencán inní sin.1


p.5

Do-thaet Senchán roime co Clúain mic Nois & fúabrais iar sin ic troscadh for Ciarán fon samla cétna. Is ann sin tra ro faillsighed Cíarán di araile anmcharait bói isin baile & it-bert fris: ‘Éirgidh Senchán co fert Fergusa mic Róigh fil ic Findloch i Connachta & geibedh láidh dó amail nobeith béo ar a chind, co rafhaisneide do scélaib na Tána dhó amail do rónadh ó thús co deredh. Ar ro bói Fergus féin isin gliaid sin & atát a scéla do léir aigi & abradh fris co ná tardad gráin na h-irfhúath leis ina dochum, acht amail no thísadh do dháil nó aenach.’

At-bert in t-anmchara fri Senchán feib at-bert Cíarán fris, conadh ann sin ro idbair Senchán é fein do Chiarán & a shíl & a shéimedh dia éis. Conid de sin it-bert Senchán Ciaráin fris.

Rocheilebair Senchán do muintir Chlúana & do luidh iar sin a cóiced Connacht co riacht fert Fergusa for brúl Fhindlocha & at-gládhastar Fergus amail bíd béo no-beith ann & gabaidh in láidh si dó:
‘Mainib do lucc lúaidtech mál geal mac Róigh rofesin fechtaibh co n-égnibh imman imanachta lúaithiu bruidin Bó Cúailngi hi cech follus, a Fergais.’

La sodhain imruba céo mór um Sencán a aenur co cend t lá & teora n-aidche. Is ann sin do-luid Fergus ina dhochum {folio 50a2} fo comgraim cháin étrocht álaind .i. brat álaind úainidhe uime & léine gheal uime co n-dergindliud óir & claedeab órduirn ina láim. Dá mháelassa findbhruine uime co foraib óir forru. Folt cráebach órbuidi fair. Conidh ann sin at-fét Fergus do scélaib na Tána do Senchán ó thús co deired & comad amlaidh sin ro faillsigthea do Senchán scéla na Tána.

At-berat araile dono comadh iat a daltadha do-berta ar amus Sencháin dús cia dhíb no-raghadh ar bennachtain a tírib Leatha do foglaim na Tána rucc in sái rómánach á h-Ardmacha dar cend in cuilmin. Is ann sin ro aem Muirghein mac Sencháin do thecht tairis dar cend bennachtan Sencháin. Is ann sin tra do lotar gerbh áil gin corb áil léo, co riachtatar co fert Fergusa & secha in licc ic Findloch & luidh a muinter arcena coléig do iaraidh tighi áighedh. Gabais iar sin Muirghen láidh oc in leicc amail no-beith Fergus béo ann. Do luidh Ferghus chuigi iar tain & ro ghab for faisnéis na Tána dó ó tús co a dered. Do-taet


p.6

iarum do ridisi co Senchán & ba buidhech sidein díb & at-fiadhatar a scéla & a n-imtechta dó co ro fhaisneidar in Táin ó tús co deredh & is é sin atá Faillsiugud Tána Bó Cúilgni. Conid ann sin ro chan Senchán in láid .i. do mhéid Fergusa iarna fhaicsin .i. 'húarescla' & rl.

Finit in sin.