Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 78


2156]

Tarla iomcháineadh adhaigh {folio 94a} ann eitir
2157] Mhuirghil & mhnáoi oile isin mbúailidh, co n-ébert an
2158] bhen eile: ‘As mesa duit-si,’ ar sí, ‘nach tocha leat
2159] fer eile & fós nach ferr let th' fer féin dot ríachtain
2160] iná an gheilt atá got thathighid risin mbliaduin-si
2161] anall.’ Atchúala siúr an bhúachalla anní sin &
2162] gidhedh ní ro-innis ní dhe co bfacaidh Muirghil isin
2163] madain arnabhárach ag dul d'iodnacal an bhainne
2164] go Suibhne conuige an mbúaltrach ba comhfhogus
2165] don fhál i raibhe. Ó'dchonnairc siúr an bhuachalla
2166] sin táinic asteach & atbert re a bráthair: ‘Atá do
2167] bhen isin ffál sin thoir ag fer oile, a mheathaigh
2168] mhiodhlaochda,’ ar sí. Roghabh éd an búachaill ag
2169] a chloistecht sin, & roéirigh go hobonn inníreach &
2170] tarraidh a láimh leathga robói for alchuing astigh
2171] & téit for amus na geilte. As amhlaidh robhúi an
2172] geilt & a tháobh ris & é 'na luidhe ag caithemh a
2173] phroinne asin mbúaltrach. Tuc dono an buachaill
2174] sadhudh don leathgha asa láimh fair, gur rosgon a
2175] n-odhar a chíghe clé antí Suibhne, gur gabh urrainn
2176] tríd ar mbrisedh a droma ar dhó ann. Adberat
2177] foirenn conadh benn chongna fíadha ro-innell an
2178] búachaill fáoi, áit a n-ibhedh a dhigh asan mbúall~trach,
2179] co tæth-somh furri, conadh amhlaidh fúair bás.