Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 75

    1. 2072] Mochthráth sin, a ghealtagáin,
      2073] re ceileabhradh cóir.


    2074] Gidh moch leat-sa, a chlérecháin,
    2075] tánic tert ag Rómh.

  1. 2076] Gá fios duit-si, a ghealtagáin,
    2077] cuin tig tert ag Róimh?


    2078] Fios tig dhamh óm Thigerna
    2079] gach madain 's gach nóin.

  2. 2080] Innis tré rún ráitsighe
    2081] sgéla Fíadhat finn.


    2082] Agut-sa atá an fháitsine
    2083] mása thú Moling.

  3. 2084] Cidh tuc duit-si mh'aithni-si,
    2085] a gheilt ghníomach ghér?


    2086] Minic mé ar an fhaithchi-si
    2087] ó rosaoi mo chéill.

  4. 2088] Cidh ná tairni a n-aonbhaili,
    2089] a mhic Colmáin Chúair?


    2090] Ferr leam bheith a n-áonshuidhe
    2091] isin mbeathaidh bhúain.

  5. 2092] A thruaigh, an ría t'anam-sa
    2093] ifrinn aidhbhle dos?


    2094] Ní thabhair Día orum-sa
    2095] pían acht bheith gan fhos.


  6. p.74

  7. 2096] Glúais alle go ttormalla
    2097] cuid bhus milis lat.


    2098] Dá fhestá-sa, a chléirecháin,
    2099] doilghe bheith gan bhrat.

  8. 2100] Béra-sa mo chochlán-sa
    2101] nó béra mo leann.


    2102] Aniú gidh im crochbán-sa
    2103] robá uair budh ferr

  9. 2104] An tú an Suibhne sgáthaighthe
    2105] táinic a cath Roth?


    2106] Mása mé, ní ráthaighthe
    2107] cidh nomheilinn moch.

  10. 2108] Canas tárla mh'aithni-si
    2109] duit, a ghealtáin ghéir?


    2110] Meinic mé ar an fhaithchi-si
    2111] got fheithemh do chéin.

  11. 2112] Áluinn duille an liubhair-si,
    2113] psaltair Cháoimhghin cháidh.


    2114] Áille duille mh'iubhair-si
    2115] i nGlinn Bolcáin báin.

  12. 2116] Nach suairc leat-sa an relec-sa
    2117] ba scoil scíomhda dath?


    2118] Nríbh anshúarca mh'oirecht-sa
    2119] madain ar Muigh Rath.

  13. 2120] Ragat-sa do cheileabhradh
    2121] go Glais Chille Cró.


    2122] Lingfet-sa crann eidhinnghlan,
    2123] lém arc, is badh mó.


  14. p.75

  15. 2124] Saothrach dhamh 'san eglais-si
    2125] ar cinn trén is trúagh.


    2126] Saothraighe mo leabaidh-si
    2127] i mBeinn Fhaibhni fhúar.

  16. 2128] Cáit i ttig do shaogal-sa,
    2129] in a ccill no i loch?


    2130] Aeghaire dot æghairibh
    2131] nommharbhann go moch.


  17. 2132]

    Muchthráth.