Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 58

    1. 1715] Fuar anocht Benna Boirche,
      1716] as ionadh fhir anfhoirfe,
      1717] ni hionadh bídh ná blechta,
      1718] re sín is re sírshnechta.
    2. 1719] As fuar mo leabaidh oidche
      1720] a mullach Bheinne Boirche,
      1721] am fann, nímfulaing édach
      1722] ar chrann chuilinn crúaidhghégach.
    3. 1723] Ó romgeibh fúacht isind aigh
      1724] tigim go háith 'na aghaidh,
      1725] beirim daiger don gháoith ghlé
      1726] dar leirg Laigen Laoghaire.
    4. 1727] Glenn Bolcáin an tobair gloin,
      1728] as é mh'árus re hanmoin,
      1729] ó thicc lá Samhna, ó téid sam,
      1730] as é mh'árus re hanadh.
    5. 1731] Gacha sirinn thíar is toir
      1732] seachnóin ghlenntadh Glanamhraigh,
      1733] bídh síon cruaidhshnechta im cheann,
      1734] i ndíon úairghealta Éirenn.
    6. 1735] As é sin mo ghlenn grádha,
      1736] as é m'ferann comhdhála,
      1737] as é mo dún ríogh re roinn,
      1738] as é mo díon ar dhoininn.
    7. 1739] As é sin m'fulang oidhche:
      1740] cnúasach mo dá chrobh choidhche,
      1741] benoim a ndoiribh doirchibh
      1742] do luibibh, do lántoirthibh.

    8. p.62

    9. 1743] Mian lium na mónainn co mbloidh,
      1744] at millsi ná maothnatoin
      1745] fothlacht, femar, as mían damh,
      1746] an lus bían is an biorar.
    10. 1747] Ubhla, caora, cna cuill chain,
      1748] sméra, dercain do dharaigh,
      1749] subha craobh, is fíach féile,
      1750] sgeachóra scíach scenbhgére.
    11. 1751] Siomsán, samhadh, creamhlus cain
      1752] agus biororáin bharrghlain,
      1753] benuidh dhíom géire malle,
      1754] dercain sléibhe, bun melle.
    12. 1755] Meisi i ferann ghlas nach glenn,
      1756] a Chríst, ní rochomhraceam,
      1757] ní fhuil mo dual-sa re a dul
      1758] acht gidhim fúar-sa, is fúar-sum.
      1759]

      Fuar anocht.