- 1674] Mairg fa ttabhraid mná menma
1675] cia bheith d'feabhus a ndealbha,
1676] an tan as é Suibne Geilt
1677] na fuair cuibhdhe dá chéidsheirc.- 1678] As mairg dobheir taobh re mnáibh
1679] cidh a n-oidhchibh, cidh i lláibh,
1680] cidh bed bhes ina n-inne
1681] d'aithle meabhla Eorainne.- 1682] Maith mo chummáoin ar an mnáoi,
1683] gan fordal, gan iomargháoi,
1684] tarraidh díom trí cháoga bó
1685] la cáoga each a n-áonló.
- 1686] An tan dobhínn isin bfeidhm
1687] nocha n-iomghabhainn ceitheirn,
1688] áit ina mbíodh treas nó troid
1689] robsam comhlann do thríochaid.- 1690] Rofhíarfaidh Congal, céim nglan,
1691] din inar n-óccaibh Uladh,
1692] cúich úaibh dhiongbhus isin chath
1693] Oilill Cédach comhromhach?- 1694] Allata, fergach an fer,
1695] adhbhal a sgíath is a shleagh,
1696] dorat i socht seal an slógh,
1697] an fer dífreagra, dímhór.- 1698] Adubhart-sa ar láimh Chongail,
1699] nocharbh áithesg fir omhnaigh,
1700] dingébhad-sa Oilill oll
1701] gidh trén tar chách a chomhlonn.- 1702] Rofhágbhus Oilill gan chenn
1703] agus robudh lánmhaith leam,
1704] torchradar leam imalle
1705] cúig mic rígh Muige Mairge.Mairg.