- 1627] Misgais, mairg duine dobheir,
1628] ní má cin 's ní má roghein,
1629] cidh ben dobéra, cidh fer,
1630] ní roiset a ndís naoimhneamh.
- 1631] Ní minic bhíos cumann trír
1632] gan duine fol fhodhord díbh,
1633] droigni is drisi romchoirb
1634] conadh misi an fer fodhoird.- 1635] Gealtóg ar' teichedh a fir,
1636] gidhedh as sgél n-anaithnidh,
1637] fer gan meither is gan bhróig
1638] ag teichedh ríasan ngealtóig.- 1639] Ar mían ó thigid cadhain
1640] gusan mBealltine ar Samhuin,
1641] in gach coill chéir gan tacha
1642] bheith i ccrannuibh eidhneacha.- 1643] Uisge Ghlinne Bolcáin báin,
1644] éisteacht re a énlaith n-iomláin,
1645] a shrotha millsi nach mall,
1646] a innsi agus a abhann.- 1647] A chuilenn cliuthar 's a choill,
1648] a duille, a dreasa, a dercoinn,
1649] a sméra áille uagha,
1650] a chna, a áirne ionnúara.- 1651] Iomad a chúan fo chrannuibh,
1652] búiredhach a dhamh n-allaidh,
1653] a uisci iodhan gan gheis,
1654] ní liom-sa robá miosgais.M.