Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 48


1521]

Tug cách dhíobh taobh re 'roile iersin gur
1522] fhiafraigheddar féin sgéla dá chéle. Atbert Suibhne
1523] risin ngeilt: ‘Dén-sa do slondadh dhamh-sa,’ ar sé.
1524] ‘Mac brughaidh mé,’ ar an gheilt Breathnach, ‘& is
1525] don tír-si ittám mo bhunadhus & Alladhán mh'ainm.’
1526] ‘Innis dam,’ ar Suibhne, ‘cidh rottuc ar gealtacht
1527] thú.’ ‘Ní hansa. Dhá rígh robhádar ag imchosnamh
1528] im ríghe na críche-si fecht n-aill .i. Eochaidh Aincheas
1529] mac Guaire Mathra (?) & Cúgúa mac Gúaire; ba do
1530] muintir Eachaidh damh-sa,’ ar sé, ‘uair as é dobudh
1531] ferr don días sin. Dorónadh iarumh móirthionól do
1532] chur chatha fria aroile imón tír-si. Rocuires-sa gesa
1533] ar gach aon do muintir mo thigherna coná tigsedh
1534] neach dhíobh gan édach sróil uime dochum an chatha
1535] ar go mbudh suaithenta seach cách íat la huaill &
1536] díumus. Tucsat immorro na slúaigh trí gáirthi
1537] mallacht form-sa, co ttucsat-sidhe misi ar fáoineal &
1538] ar folúamhuin amail atchíthi-si.’


p.55