- 1256] A bhen bhenus an biorar
1257] agus bherius in uisci,
1258] nocha betheá gan ní anocht
1259] gén co mbertheá mo chuid-si.- 1260] Monúaran, a bhenagán,
1261] nocha ragha an leth raghad,
1262] misi amuigh a mbarraibh crann,
1263] tusa tall a tigh charad.- 1264] Monúarán, a bhenagán,
1265] as fúar an ghaeth dománuig,
1266] nímoirchis máthair ná mac,
1267] ní fuil brat ar mo brághuid.- 1268] Dá festá-sa, a bhenagán,
1269] mar atá sunna Suibhne,
1270] seach ní fhagaidh cuibhdhe neich,
1271] n fhagaidh nech3 ai chuibhdhe.- 1272] Ní théighim a n-oirechtus
1273] edir óguibh mo thíre,
1274] ní déntar dam oinechtreas,
1275] ní théit mh'aire re ríghe.- 1276] Ní théighim ar aeidhidheacht
1277] do thigh mic duine a nÉire,
1278] fa meince liom baéithgeltacht
1279] ar bennuibh corra slébhe.
- 1280] Ní tégar dom airfidedh
1281] athaigh ré ndul im lighi,
1282] nochan fhaghuim oirchisecht
1283] ó fer túaithe ná fini.- 1284] Antan robsom Suibhni-si
1285] agus théighinn ar eachaibh,
1286] antan tig im chuimhni-si
1287] mairg romfuirgedh a mbethaidh.- 1288] As mé Suibhne saéirchendaidh,
1289] as úar anaoibinn mh'ionadh,
1290] gé béo anocht ar bháithbendaibh
1291] a bhen bhenus mo bhiorar.- 1292] As é mo mhíodh mh'uisci fúar,
1293] as é mo bhúar mo bhiorar,
1294] as íad mo charaid mo chroinn,
1295] ge 'tú gan leann, gan ionar.- 1296] As úar anocht an adhaigh,
1297] gidh im bhocht ar áoi mbiorair,
1298] atchúala guth an ghioghruinn
1299] ós Imligh iomluim Iobhair.- 1300] Atú gan brat, gan ionar,
1301] fada a ulc úair romleanadh,
1302] teichim re guth na cuirre
1303] mar budh buille rombenadh.- 1304] Rigim co Dairbre ndaingen
1305] isna láibh aidhbhlibh earraigh,
1306] agus teichim ré n-oidhche
1307] síar co Boirche mbennaigh.
- 1308] Diamsat eólach, a fionnghág,
1309] mo ghort ní treórach tenngharg,
1310] atá nech dianad sgeile
1311] an t-eiri beri, a bhengág.- 1312] At úara dotachuisin
1313] ar brú tobair ghlais greanaigh,
1314] deogh ghleórdha d'uisci iodhan
1315] agus an biorar bhenaidh.- 1316] Mo chuid-si an biorar bheanaidh,
1317] cuid gheilte sáoire singi,
1318] sgingidh gaéth úar mam reandaibh
1319] do bendaibh gacha binni.- 1320] As úar gaéth an mhadanraidh,
1321] doicc etrom is mh'ionar,
1322] nacha nfhétoim t'agalloimh,
1323] a bhen bhenus an mbiorar.
- 1324] Fágaibh mo chuid don Choimdhi
1325] rium-sa ná déna duilghe,
1326] móide foghébha cennacht,
1327] is beir bennacht, a Suibhne.
- 1328] Dénam cennach cert cubhaidh
1329] gé 'tú a mullach an iubhair,
1330] beir mh'ionar is mo chertín,
1331] fágaibh an mbertín mbiorair.- 1332] As terc nech las am ionmhuin,
1333] ní fhuil mo theach ar talmain,
1334] uaim ó bhere mo bhiorar
1335] mo chuid chionadh ar th'anmain.
- 1336] Ní ris a nech rocharuis,
1337] meisdi don tí rolenuis,
1338] rofhágbhuis neach co daidbhir
1339] imon airbir robhenais.- 1340] Creach na nGall ngorm dot gabháil,
{folio 89b}
1341] orm nocha dernais deghdháil,
1342] co bfaghbha on Choimdhe a chionaidh
1343] mo chuid biorair do bhenáil.- 1344] A bhen, chugud da ttóra
1345] Loingseachan atá rún reabha
1346] tabhair-si dhó trém chionaidh
1347] a leth an bhiorair bhena.A bhen.