Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 42


1234]

Atbert Suibhne iarsin: ‘Ní bhíu-sa i nDál
1235] Araidhe fesda úair nommhuirfedh Loingseachán i
1236] ndiogail a chaillighi mé día mbeinn ara chumus.’
1237] Luid Suibhne iarumh co Ros Chomáin i Connachtuibh
1238] & rothoirinn for sraith an topuir co rochaith biorar
1239] & uisgi ann. Táinic ben a tigh an oircinnigh dochum
1240] an tobair. Forbhasach mac Fordhalaigh an
1241] t-oirchinneach sin. Rob í an bhean táinic ann,
1242] Finnsheng ingen Fhíndealaigh. Rotheich iarumh an
1243] gheilt reimpe & tuc sisi lámh tar an mbiorar báoi
1244] for an sruth. As ann robhúi Suibhne forsan mbili
1245] ina fiadhnuisi & robhúi ag éccáoine móir fa na chuid
1246] biorair do bhreth uadha conadh edh atbert: ‘A
1247] bhen,’ ar sé, ‘as trúagh duit mo bhiorar do ureith
1248] úaim & dá festá mar atú úair ní dhénann fer túaithe
1249] ná fine mh'oirchisecht; ní théighim for aeidhideacht
1250] do thigh duine ar druim dhomain. As é mo búar
1251] mo bhiorar, as é mo mhíodh mh'uisci, as iad mo


p.45


1252] chairde mo chroinn crúadhloma cliothardhlúithe & cén
1253] co mberthá-sa mo biorar,’ ar sé, ‘as derb nocha
1254] beitheá gan ní anocht mar atú-sa tar éis mo bhiorair
1255] do breith úaim’; & dorinne an laoidh so: