Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 1

    1. 964] A bhennáin, a bhúiredháin,
      965] a bhéiceadháin bintt,
      966] is binn linn an cúicherán
      967] dogní tú 'san ghlintt.


    p.35

    1. 968] Eólchaire mo mhendatáin
      969] dorala ar mo chéill,
      970] na lois isin machaire,
      971] na hois isin tshléibh.

  1. 972] A dhair dhosach dhuilledhach,
    973] at ard ós cionn croinn;
    974] a cholláin, a chraobhacháin,
    975] a chomhra cnó cuill.
  2. 976] A fhern, nídot náimhdidhe,
    977] as áloinn do lí,
    978] nídat cuma sceó sceanbaidhi
    979] ar an mbeirn a mbí.
  3. 980] A dhroighnéin, a dhealgnacháin,
    981] a áirneacháin duibh,
    982] a bhiorair, a bharrghlasáin,
    983] do bhrú thobair luin.
  4. 984] A mhínén na conaire
    985] at millsi gach luibh,
    986] a ghlasáin, a adhghlasáin,
    987] a lus forsa mbí in t-shuibh.
  5. 988] A abhall, a abhlachóg,
    989] trén rotchraithenn cách,
    990] a chaerthainn, a chaeirecháin,
    991] as áloinn do bhláth.
  6. 992] A dhriseóg, a dhruimnechóg,
    993] ní damha cert cuir,
    994] ní ana gum leadradh-sa
    995] gursat lomlán d'fuil.

  7. p.36

  8. 996] A iubhair, a iubhracháin,
    997] i reilgibh bat réil,
    998] a eidhinn, a eidhneacháin,
    999] at gnáth a ccoill chéir.
  9. 1000] A chuilinn, a chlithmharáin,
    1001] a chomhla re gáoith,
    1002] a uinnes, a urbhadach,
    1003] a arm lámha láoich.
  10. 1004] A bheithi bláith bennachtach,
    1005] a bhorrfadaigh bhinn,
    1006] áluinn gach craobh cengailteach
    1007] i mullach do chinn.
  11. 1008] Crithach ara criothugudh,
    1009] atchluinim ma seach
    1010] a duille for riothugudh,
    1011] dar leam as í an chreach.
  12. 1012] Mo mhioscais i fidhbadhuibh,
    1013] ní cheilim ar chách,
    1014] gamhnach dharach duilleadhach
    1015] ar siubhal go gnáth.
  13. 1016] As olc sén ar mhilles-sa
    1017] oineach Rónáin Fhinn,
    1018] a fherta rombúaidhretar,
    1019] a chlogáin ón chill.
  14. 1020] As olc sén a fúarus-sa
    1021] earradh Conghail chóir,
    1022] a ionar caomh cumhdachtghlan
    1023] co ccortharaibh óir.

  15. p.37

  16. 1024] Rob é guth gach aenduine
    1025] don t-shlóg dhédla daith,
    1026] na tegh uaibh fán ccaelmhuine
    1027] fer an ionair mhaith.
  17. 1028] Gonaidh, marbaidh, airligidh,
    1029] gabhaid uile a eill,
    1030] cuiridh é, cidh lór do chion,
    1031] ar bior is ar beinn.
  18. 1032] Na marcaigh dom tharrachtain
    1033] dar Magh Cobha cruinn,
    1034] ní roich úaidhibh aenurchar
    1035] dhamh-sa dar mo dhruim.
  19. 1036] Ag dula dar eidhneachuibh,
    1037] ní cheilim, a láoich,
    1038] degurchar na gothnaide
    1039] dhamh-sa résan ngáoith.
  20. 1040] A ellteóg, a luirgnechóg,
    1041] fuarush-sa do ghreim,
    1042] misi ort ag marcaighecht
    1043] as gach beinn a mbeinn.
  21. 1044] Ó Charn Cornáin comhramhach
    1045] co beinn Slébhe Níadh,
    1046] o bheinn Slébhi Uillinne
    1047] rigim Crota Clíach.
  22. 1048] Ó Chrotaibh Clíach comhdhála
    1049] co Carn Lifthi Luirc
    1050] rigim ré tráth iarnóna
    1051] co Beinn Ghulbain guirt.

  23. p.38

  24. 1052] M'adhaigh ría ccath Conghaile,
    1053] roba síorsan lem,
    1054] síu nobheinn for udmhaille
    1055] ag siredh na mbenn.
  25. 1056] Glenn mBolcáin mo bhithá
    1057] fíor fuarus a greim,
    1058] mór n-oidhchi rofripthálus
    1059] rioth roithrén re beinn.
  26. 1060] Dá sirinn am aonaidhe
    1061] sléibhti domhain duinn,
    1062] ferr liom ionadh aonboithe
    1063] i nGlionn Bolcáin buirr.
  27. 1064] Maith a uisci iodhanghlas,
    1065] maith a ghaoth ghlan gharg,
    1066] maith a bhiorar biorurglass,
    1067] ferr a fhothlacht ard.
  28. 1068] Maith a eidhnech iodhnaidhe,
    1069] maith a shoil ghlan grinn,
    1070] maith a iubhar iubraidhe,
    1071] ferr a bheithe binnd.
  29. 1072] Dá ttíosta-sa, a Loingseacháin,
    1073] chugum in gach riocht,
    1074] gach n-oidhche dom agallaimh
    1075] bés ní anfainn friot.
  30. 1076] Ní anfainn re t' agallaimh
    1077] munbadh sgél romgétt,
    1078] athair, máthair, ingen, mhac,
    1079] bráthair, ben balc d'écc. {folio 88b}

  31. p.39

  32. 1080] Dá ttisteá dorn agallaimh
    1081] ní budh ferrde leam,
    1082] rosirfinn ria madanraidh
    1083] sléibhti Boirchi benn.
  33. 1084] Do mhuilenn an mheanmaráin
    1085] domheilte do thúaith,
    1086] a thrúagháin, a thuirseacháin,
    1087] a Luingseacháin lúaith.
  34. 1088] A chailleach an mhuilinn-si,
    1089] cidh 'mongeibhe mh'eill?
    1090] mh' égnach duit itchluinim-si,
    1091] is tú amuigh ar an mbeinn.
  35. 1092] A chailleach, a chuirrchennach,
    1093] an ragha for each?


    1094] Noraghainn, a thuirrchennach,
    1095] munam faicinn neach.

  36. 1096] Dá ndeachar, a Shuibhneacháin,
    1097] rob soraidh mo léim.


    1098] Dá ttóra-sa, a chaillcheacháin,
    1099] ní ris sís slán céill.

    1. 1100] Ní cóir éimh a n-abraidh-si,
      1101] a mhic Colmáin Chais,
      1102] nach ferrdi mo mharcachus
      1103] gan tuitim tar mh'ais?

    1. 1104] As cóir éimh a n-abraim-si,
      1105] a chailleach gan chéill,
      1106] demhan agat th'aidhmilliudh,
      1107] romillis fadhéin.

    1. 1108] Nach ferrde let mh'ealadhain,
      1109] a ghelt shaerrdha sheng,
      1110] mo beth agat lenamain
      1111] a mullaighibh na mbenn?

    1. 1112] Dosán eidhinn iomúallach
      1113] fásas tré chrann chas,
      1114] dá mbeinn-si 'na certmhullach
      1115] noághsainn techt ass.
    2. 1116] Teichim riasna huiseóga,
      1117] as é an trénrioth tenn,
      1118] lingim tar na guiseóga
      1119] a mullaighibh benn.
    3. 1120] Feran eidhinn iomuallach
      1121] an tan éirghius duinn,
      1122] goirid bhím da ttarrachtain
      1123] ó rofás mo chlúimh.
    4. 1124] Creabhar osccar antuiccseach
      1125] an tan éirghius damh,
      1126] indar liom as dergnámha
      1127] an lon dogní an sgal.
    5. 1128] Gach áonúair rolinginn-si
      1129] co mbinn ar an lár,
      1130] co fhaicinn an creamhthannán
      1131] thíos ag creim na gcnámh.
    6. 1132] Seach gach coin a n-aidhnechuibh
      1133] luath no gheibhedh m'eill,
      1134] as é luas nolinginn-si
      1135] co mbinn ar an mbeinn.

    7. p.41

    8. 1136] Sionnaigh beca ag brégairecht
      1137] chugum agus úaim,
      1138] mic thíri ara lédairecht (?),
      1139] teichim-si ré a ffúaim.
    9. 1140] Rothriallsat mo tharrachtain
      1141] ag tocht 'na rioth thenn,
      1142] gur teiches-sa reampa-somh
      1143] a mullaighibh beann.
    10. 1144] Táinic friom mo thairmthechta
      1145] gibé conair théis,
      1146] as léir dhamh ar mh'airchisecht
      1147] am caora gan léis.
    11. 1148] Bile Chille Lughaidhe
      1149] i tuilim súan sáimh,
      1150] ba haoibne i ré Chongaile
      1151] aenach Line láin.
    12. 1152] Doraghae an reódh realtánach
      1153] ferfas ar gach linn,
      1154] asam suairreach, seachránach,
      1155] misi fáoi ar an mbinn.
    13. 1156] Na corra go ccorrghaire
      1157] i nGlionn Aighle úair,
      1158] ealta d'énuibh iomlúatha
      1159] chugum agus úaim.
    14. 1160] Ní charaim an sibheanradh
      1161] dogniad fir is mná,
      1162] binne liom a ceileabradh
      1163] luin 'san aird ittá.

    15. p.42

    16. 1164] Ní charaim in stocairecht
      1165] atcluinim go moch,
      1166] binne lium a crocairecht
      1167] bruic a mBennuibh Broc.
    17. 1168] Ní charuim an chornairecht
      1169] atchluinim go tenn,
      1170] binni lium ag damhghairecht
      1171] damh dá fhiched benn.
    18. 1172] Atá adhbur seisrighe
      1173] as gach glionn i nglenn,
      1174] gach damh ina freislighe
      1175] a mullach na mbenn.
    19. 1176] Cidh iomdha dom dhamraidh-si
      1177] as gach glinn i nglenn,
      1178] ní minic lámh oiremhan
      1179] ag dúnadh a mbenn.
    20. 1180] Damh Sléibhi aird Eibhlinne,
      1181] damh Sléibhe Fúaid féigh,
      1182] damh Ella, damh Orbhraidhe,
      1183] damh lonn Locha Léin.
    21. 1184] Damh Seimhne, damh Latharna,
      1185] damh Line na lenn,
      1186] damh Cúailghni, damh Conachla,
      1187] damh Bairni dá bhenn.
    22. 1188] A máthair na groidhi-si
      1189] rolíathadh do lenn,
      1190] ní fhuil damh at dheagaidh-si
      1191] gan dá fhichead benn.

    23. p.43

    24. 1192] Mó ná adhbhur leinníne
      1193] roliathadh dot chenn,
      1194] dá mbeinn ar gach beinníne
      1195] beinníni ar gach mbenn.
    25. 1196] A dhoimh doní an fogharán
      1197] chugum tar an nglenn,
      1198] maith an t-ionadh foradhán(?)
      1199] i mullach do bhenn.
    26. 1200] As mé Suibhni sirtheachán,
      1201] luath reithim tar glenn,
      1202] nocha n-é mh'ainm dlightheachán,
      1203] mó is ainm damh Fer Benn.
    27. 1204] Tioprata is ferr fúarus-sa,
      1205] tiopra Leithid Láin,
      1206] tiopra is áille ionnuaire,
      1207] úarán Dhúine Máil.
    28. 1208] Gidhat iomdha mh'imeirce
      1209] mh'édach aniú is gerr,
      1210] mé féin doní m'forfaire
      1211] i mullach na mbend.
    29. 1212] A raithnech, a rúadhfhada,
      1213] rorúadhadh do lenn,
      1214] ní hosair fir fuagarta
      1215] a ngabhlaibh do bhenn.
    30. 1216] Bidh ann bhias mo bhithlighi
      1217] tes ag Tuidhin tenn,
      1218] ag Tegh Moling biothainglighi
      1219] thaethusa do bheind.

    31. p.44

    32. 1220] Dorad misi it chumann-sa
      1221] mallacht Rónáin Finn,
      1222] a bhennáin, a bhúireadháin
      1223] a bhéiceadáin binn.

    A beannáin.