- 682] 'Súanach sin, a Eorann án,
683] i leith leaptha red lennán,
684] ní hionann is misi ibhus,
685] cian ó atú-sa ar anbfhorus.- 686] Roráidhis, a Eorann oll,
687] aithesg álainn iméttrom
688] co ná beitheá it bheathaidh dhe
689] sgaradh énlá ré Suibhne.- 690] Aniú is suaithnidh co prab,
691] beg let brígh do shencharad,
692] te duit ar chlúimh cholcaidh cain,
693] úar damh-sa amuigh co madain.
- 694] As mochen duit, a gheilt ghlan,
695] tú is tocha d' feruibh talman,
696] gidh súanach is suaill mo chlí
697] ón lá itcuala tú ar neimhní.
- 698] As tocha let mac in rígh,
699] beriustú d'ól gan imshníomh,
700] as é do thochmarc togha,
701] ní íarr sibh bhar senchara.
- 702] Ce nombéredh mac an rígh
703] do thoigibh óil gan imshníomh,
704] ferr liom feds i ccuas cháol chroinn
705] let, a fhir, día notcaomhsoinn.- 706] Dá ttuctha mo rogha dhamh
707] d' feruibh Éirenn is Alban,
708] ferr lem it chomair gan chol
709] ar uisge agus ar bhiorar
- 710] Ní conair do deghmhnáoi dhil,
711] Suibhne sunn ar sliocht imnidh
712] fuar mo leaptha ag Ard Abhla,
713] nídot terca m' fhúaradhbha.- 714] Córa duit serc agus grádh
715] don fhior 'gá táoi th'aénarán
716] iná do gheilt ghairbh ghortaigh
717] uathaigh, omhnaigh, urnochtaigh.
- 718] Monúar ámh, a gheilt ghníomhach,
719] do ueth éittigh imshníomhach,
720] saoth lem do chnes rochlói dath,
721] dreasa is droighin gut rébadh.
- 722] Ní dá chairiughadh dhamh ort,
723] a mháothainder mháothéttrocht,
724] Críst mac Muire, mór da cacht,
725] é domrad a n-éccomhnart.
- 726] Robadh maith lem ar mbeth araén
727] co ttigeadh clúmh ar ar ttaobh,
728] co sirfinn soirchi is doirchi
729] let gach lá is gach énoidhche.
- 730] Adaigh dhamh-sa a mBoirchi bhinn,
731] ránac Túath Inbhir áloinn,
732] rosirius Magh Fáil co fraigh,
733] tairlius do Cill Uí Súanaigh.S.