Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 17


316]

Ó'dchuala trá Suibhne sésdan na sochaidhe &
317] muirn an mórshlúaigh nostógbaidh uime asin mbile
318] re fraisnéllaibh na firmaiminti ós mullaighibh gacha
319] maighni & ós fhéigi gacha ferainn. Baoi fri ré chéin


p.12


320] iarsin seachnóin Érenn ag tadhall & ag turrag a
321] sgalpaibh cruadhcharrag & a ndosaibh crann urard
322] eidhneach & i ccuasaibh caolchumhguibh cloch ó inber
323] do inber & ó binn do binnd & ó glinn do glionn go ráinic
324] Glenn mbitháluinn mBolcáin. Ann no thathaigtis (?)
325] gealta Éirenn ó robadh slán a mbliadhain ar
326] gealtacht, ar as ionadh aoibhnesa móir an glenn
327] sin do gheltaibh do grés. Uair as amlaidh atá Glenn
328] mBolcáin & ceithre doirsi ag an ngaoith ann &
329] roschoill roáluinn rocháoin ann bheós & tiobrada
330] táobhghlana & uarána ionnfhuara & glaisi gainmidhe
331] glanuisgidhe & biorar barrghlas & fothlocht fann foda
332] for a lár. Iomda fhós a shamha & a shiomsáin & a
333] lus-bían & a biorragáin, a chaora & a chreamh, a
334] mhelle & a miodhbhun & áirnidhe dubha & a dercain
335] donna. Nobídh dono gach æ dona gealtaibh ag
336] tuargain a chéile im thogha biorair an ghlenna sin
337] & im roignibh a leptach.