Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 15


239]

Ó'dchualadar na fir Suibhne ag gabáil na rann
240] tugsat aithne fair & roráidhset fris taobh do thabairt
241] friú. Adbert-som nach ttiubradh tré bhith síor. Ó
242] robhádar-somh iarumh ag iadhad im an mbile
243] rotógaibh Suibhne uime co háithétrom aéerda óthá
244] sin co Cill Ríagain i tTír Chonuill & rothoirinn iarumh
245] a mbile na cille. As ag an mbile sin dorala do
246] Dhomhnall mac Aodha cona shluagaibh do ueith a
247] haithle an chatha & ó'dchonncadar an gheilt ag dol
248] isin mbile tángadar drong dona slóghaibh go roiadhsat
249] ina iomthacmhang ima ccuairt; gabhaid iarumh ag
250] tabairt túarusgbála na geilti ós aird, adberedh fer
251] ann bá ben, adberedh fer eile bá fer robhúi ann, go
252] ttarad Domhnall féin aithne fair, conadh ann
253] adbert: ‘As é Suibhne fil ann,’ ar sé, ‘.i. rígh Dál
254] Araidhe roesgcáoin Rónán an lá tugadh an cath.
255] Maith éimh an fer fil ann,’ ar sé, ‘& dá madh áil leis
256] seóide & máoini d'fhagbáil fogébadh úainne da
257] ttugadh taobh frinn. Truag lem,’ ar sé, ‘iarsma
258] muintire Congail amlaidh sin, ar robtar maith &
259] robtar móra mo chomhada-sa do Chongal,’ ar sé,
260] ‘re ccur an chatha, et robadh maith dono comairle
261] Choluim Chille don ghille úd féin dá ndeachaidh
262] lé Congal do chuingidh sochraidhe co rígh Alban im
263] aghaidh-si’; conadh ann adbert Dombnall an láid:


p.10