Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 10

    Ronán

    1. 160] Mo mallacht for Shuibhne,
      161] rium is mór a chionaidh,
      162] a fhogha bláith builidh
      163] dosháith trém chlog creadhail.
    2. 164] An clog sin roghonais
      165] notchurfi-si ar cráobhaibh
      166] gurbat aon ré hénaibh,
      167] an clog náomh ré náomhaibh.
    3. 168] Mar dochuaidh i cédóir
      169] crann an fhogha a n-airde
      170] co ndeachair-si, a Shuibhne,
      171] re gealtacht gan chairde.

    4. p.7

    5. 172] Roghonais mo dhalta,
      173] rodergais as t'fhogha,
      174] bíaidh dhuit ann do chomha
      175] gurab do rinn ragha.
    6. 176] Madh dá ttísat riom-sa
      177] síol nEoghain go tteinne,
      178] noscuirfet a ccrannacht
      179] Uradhrán is Teille.
    7. 180] Uradhrán is Teille
      181] roscursiod i ccrannacht,
      182] an ced-sa, tré chorracht,
      183] as let-sa mo mhallacht.
    8. 184] Bennacht uaim for Eorainn,
      185] Eorann chaemh gan crannacht,
      186] tré dhuilghe gan domacht
      187] for Shuibhne mo mhallacht.'

    Mallacht.