Is ann adubairt Gegan, an brathair ba h-amhra & ba h-aireghda dibh: Druididh cuccainn ille, ar se, et an f-fedabair cuin do-gabhabair do laimh airfittedh do denam do mac Cuilennain et as mor an feidhm a dingbáil airfidigh do denam dó, & dá madh beo sinde, do-génmais a airpeitedh & do-cedaigh in Coimdhe dún a airfidedh-somh et sind marbh. Et at-bert Gegan na roinn-si:
- Truaghan sin, a Rí na righ,
a Rí firen fichtib sluaigh,
is eolcaire na gach ceol
ceol na c-cend in aidche fuair.- A chind Gégain, druid ille,
co n-dernamais coinircle,
mór inní fa t-tuccsam láimh
airfeitedh mic Cuilendain.- Ar t-triur brathar dúin aréir
maith ar lathar imon sluagh,
anocht ge 'táit ar tri cind
acc airfittedh co tim truagh.- Uch monuar on uch monuar,
ge gerr ó dhomnach go luan
as giorra bíos rí na nell
ag denam trein go m-ba truagh.- Do-rat uball cech fir dún
flaith do-bí ag fulang na sluagh,
agus do-naiscc oirn da deoin
co n-dingnemis ceol bud truagh.
- O do-tuit Pol le Neir
sgel mor isa domhan toir
nochar faccbadh ar in n-glend
indsamhail chinn Corbmaic cain.- Uchan, ach,
do-tuit Cormac isin cath,
o thesta a sil asin m-bith,
maisi righ Caisil at-bath.- Corbmac a Tulach na righ
do-badh rí ar Mumain muadh
gach ni do-fuighill a bel,
do-fuiling gach tren is grach truagh.- Maith do suidhe dabach mór,
maith do dluighe ralach ruadh,
maith do tabairt laich i l-lén,
maith do denamh trén do truagh.- Camhair-so, coisccidh bhar c-ceol,
mithid dibh eistecht monuar,
beiridh bennachtain anocht
is eirgidh chum bhar c-corp truagh.