Electronic edition compiled by Benjamin Hazard
Funded by University College, Cork and
The Higher Education Authority via the LDT Project
2. Second draft, revised and corrected.
Extent of text: 2480 words
Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G302010
Availability
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
CELT: Corpus of Electronic Texts
Text has been checked and proof-read twice.
The electronic text represents the edited text. In Meyer's edition, the acute accent and the macron are used to mark long vowels. Both are retained. Editorial footnotes are tagged note type="auth" n="". The editor's corrections are marked corr sic resp="KM", with the erroneous form retained in the 'sic' attribute. Text in Latin is indicated. Names are capitalized in line with CELT practice.
There are no quotations.
Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, this break is marked after completion of the hyphenated word.
div0=the tale; div1=the editor's paragraph. Page breaks are marked pb n=""; foliation is marked mls n="" unit="folio". Poems are treated as embedded tetxs, with line-groups marked and numbered.
Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles. Such encoding is envisaged in a revised edition.
Created: By (an) unknown Irish monastic author. Date range: c.600900.
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Julianne Nyhan (ed.)
Peter Flynn (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Benjamin Hazard (ed.)
Benjamin Hazard (ed.)
Benjamin Hazard (text capture)
Ailill Moshaulum mac Moga Núadat ba rí for lith h-Éirenn & ba drúi. Sadb ingen Chuind berte maccu do Moshaulum. Gabais mac n-altrama ó Dárfhini .i. Mac Con mic Luigdech. Issed-sein asberat araile i n-genelaigib immurgu is Sadhb máthair mic Con & íar n-écaib Luigdech luid co h-Ailill, os sí torrach do Mac Con. Íarsain íarum bert si Eogan Mór.
Comaimser do Luigith & do Chonn Chétchathach mac Feidlimthi. Comaimser dano do Ailill & do Art mac Cuind. Comaimser dano do Mac Con & do Eogan.
Robói cotach h-itir Luigdhe1 & Ailill n-Aulum & etir a clanna dia n-déis .i. antan nombíth rígi la clanna Auluim, brithemnus la clanna Luighdech; antan immurgu nobíth ríghi la clanda Luigdech, brithemnus la maccu Auluim. Lugaid & Ailill dorigni in sin hi fíadnaisi Chuinn Chétchathaig for leith h-Éirenn. Nogabtais ríge & brithemnus .i. Lagin & Mumu. Cúic mai Dáre Doimthig .i. na cúic Luigdig ut supra diximus maic Sithbailc maic Fir h-Uaillne maic Daigmanrach maic Dego Deirgthine mai Núadat Aicnaig Luigthíni mai Loga Feidlig maic Érimóin mai Fidais mai Gossa mai Shír maic Madai maic Loga maic Ethamon maic Máil maic Luigdech diatá Loch Luigdhech (Fíal a shétig, diatá Inber Féile) maic Ítha maic Niúil maic Míleth maic Bile maic Breogaint {MS folio 95a1} maic Brátho lascumtacht tor m-Breogaint (ó anmuim ind ríg rohainmniged
Asbert a drui fri Dáre: Do maicne cit mathi, ní géba acht óenfer diib dit és-seo .i. Lugaid Lágdhe, ar ba rí hi Temair in Dáre Doimthech. Is hé an cúiced Dári robói hi Temuir de Mumain & ba tria gaisced roríge co forbeth a fhlaith fuiltiugh (.i. fuilriug) asnabbrad hi sennathib:
- Dáre Doimthech dális dig
fola for each srith,
co fárgaib a h-urisna
rígi cen chlith.- Dáre Doimthech ba rí for mBruig,
is é emir ar iar ngail,
ó Srub Cermna co Srub Brain,
ónd ocian thíar co muir sair.
Lugaid namá rogab rígi di maccaib Dáre. Ba hé ba rí ria n-Ailill Moshaulum for Mumain. Ailill iarsin tricha bliadan co fagbáil in ciúil ó h-Ess Máge .i. Fer h-Í mac Eogabail. Is don Lugaid-so asrubrad hi sennathib:
- Ba rí, ba fili, ba fáith,
ba breithem bláith, caur fri níth,
hua Sidbailg, síth co tráig,
ba gním do ráith a n-dogníth.
Is he an Lugaid-so ba rí for Mume intan dobreth arances m-brethe al Leith Cuind co Mumain, co n-erbairt in fochmarcith fri Lugid Lágde, rí side & file:{MS folio 95a2} Mo Luigid Luigde cluinde fir n-aicnith cotabair dar mac m'orbe n-athar.
Frisgart Lugaid: Fír2 mná báithe sceo gáithe dlomthairsi conoí conbersi rofhitir contaibir toilsi fortoing firu conlegat curpu fri báise búad rathsi fri bás sóeraib sceo dóeraib fortoing a clanna. bas gáeth nach claind cummascfa fri foentrecha folma, ar is báeth nech conid robuith ruici.
Bói íarum Ailill Mosaulum trichait bliadan irrígu Muman. Sadb ingen Chuind a rígin, ba sí conbert & ronalt Mac Con mac Luigdech hó a maici. Trí trichait bliadan aes n-Ailella h-uile .i. tricha bliadan ria rígu, & tricha h-irrígu & tricha iar rígu. Mac Con doall a ríghe aire & romarb secht maccu Ailella, a bráthriu & bráthair a máthar .i. Art mac Cuind hi cath Mucruime. Saegal immurgu Maic Con tricha bliadan ria rígu co fagbáil in chiúil occ h-Es Máge & secht mbliadna do Mac Con i n-Alpain for longais & tricha bliadan irrígu h-Éirenn & sé mís íar tuidecht a Temuir. Is don Mac Con-so asrubairt Sadb:
- Ba trom modh
tabairt chumlaind do Mac Con;
ní búi i nh-Ére cona lí
inge Coirpri Gal fili.- Ba trom n-érim do Mac Con
tuidecht ille, techt inond;
imderc3 fairge co ba dí,
edh4 dorigni in rígfili.- D'oénmac Luigdech nírbo lén,
amal ba síl na fher trén,
turcbáil catha fri mac Cuind
la secht maccu Moshauluim.- Gabais Mac Con tír m-Banbae
gach leth co glasmuir glédend,
tricha blíadan, án h-úaland,
rombúi hi rígu h-Éirenn.
Is don chiúl dano asrubairt Sadb:
- Mairg dam-sa aníu, mairg do Chlíu
fofríth Fer h-I inna h-eó,
conidapath Art mac Cuind
ocus secht maic Moshauluim.
I n-Óchtor Clári robói Ailill & Ráith Ailella hi Cláriu {MS folio 95b1} atcíther di chéin & ní fagabair i n-ocus. Comamser & Art mac Cuind Chétchathaigh maic Feidlimthi.
Lotar didiu maic Ailella do shaigid bráthar a máthar .i. Art mac Cuind. A comalta & a m-bráthair leo .i. Mac Con mac Luigdhech ar
- Ní h-éla
gáríni ó luith Dodére;
cia tibu, it m'ágíni
di h-éis drúthán Dáríni.
Doluid íarum Mac Con cind sect mbliadan co slúag Bretan lais co n-gab Insi Mod is tuaisciurd. Doluid Art mac Cuind ar a chend & secht maic Ailella Moshauluim doa n-dílgund h-uili. Consáiter cath eturru fo chumlund h-ic Áth Mucraime hi crích Chondacht .i. secht cét di cechtarde in dá lethe. Folaig Mac Con dá trian a slúaig hi talum & dogníth secht méich lais di gráin chatha céin rombúi i n-Albain. Túargabsat chend in dá trian robátar isin talmain di muintir Maic Con ó doessith in cath fo chumlund. Maidti ria Mac Con for Art mac Cuind & for maccu Ailella Moshauluim & gabais Mac Con rígi n-Éirenn íarsin trichoit mbliadan. Is din chath-sin asbert Sadb ingen Chuind in rann:
- Olc h-úair dam-sa, olc do Chlíu
for fríth Fer h-Í & dá h-éu,
conidapath Art mac Cuind
ocus secht maic Moshauluim.
Is do fhlaithius Maic Con rogabad in rand airdirc:
- Gabais Mac Con tír m-Banbae (& rl.)
Dogníat chóri Mac Con & in senrí Moshaulum íar tuidecht do Mac Con a Temuir cona h-imirge & íar fácbáil a rígi la Cormac mac Airt. Dogní Mac Con fleid dó & im-{MS folio 95b2}chorastar Ailill marbad Maic Con. Ní léic Sadb aní-sein & bert robud dó, ar ba h-inmuniu lé-si Mac Con andate a secht maic. Asbert fris nemacallaim Ailella etir. Is íarsin dochumli Mac Con cona muintir i n-Desmumain contardad tóeb fri muir, amail donrarngart Cessirne file Cuind Chétchathaig .i. Ascuchfa do síl sór slissu fri fairge fond; & dano ba h-úatiu hi feraib oldás Ailill.
Tadill Mac Con a sruith do chelebrad dó. Dobert aigid fri aigid. Dosádis Ailill a fíacail hi n-grúad Maic Con di thecosc conid erbalad ria n-dé nómaide. Is and asbert Sadb fri Mac Con: Cisi fuil fuil fort agid? ol si. Ní hansa, ol Mac Con, fíacail Ailella domháraill. Fé frisin fíacail! ol si, noch ní taidber nído-som is eslind det-siu is fíacail maic thíri rotchummi. Is de-sin asrubert si:
- Is hé fíacail dian duit rí,
rotbí fíacail fidbui,
rogab síabrad do delbad,
is dirsan in tiughcelebrath.- Gaib do daim,
beir didan do shlúaig do muir,
fort dofíastar in5 bair,
atotmíastar nach tain.
Documli ass cona shlúag i n-Desmumain dochum mara. Is dind fhechta-sin forfhácaib hué dó hi Cúil Mbrocholl .i. tipra; is occu atá othorlige Maic Con & Macnía & cheithri maic-side .i. Dau & Trien & Echu Badamnai & Luigthech Lámfhota & fíann Aeda Duib & Cathmol mac h-Irp & Find h-úa Báiscni & h-Usíne & Cáilti cáincass & Mac Con cona chélib & ben Maic Con and .i. Dáríne ingen Dedad maic Sin.
Tricho buiden lín Maic Con & tricho chét in cach buidhin. Etha ó h-Ailill co Ferchess mac Commáin (.i. i Cúl Mbrochaill fuit) nád seches forainm do co Bregon. Senfénnith & senfer teglaig do Ailill. Fóidis didiu Ferchis hi slicht immirge Maic Con da goin etir a shlóg. Totét allchomut inna diaid condatarraid h-ir Ráith Húa n-Echach i n-óenach ríg Ráithlind. Is andsain asbert Find triasa n-imbas for-{MS folio 96a1}osnai: Fer i llurg! ol sé. Subaide óic fria lín, ol Mac Con. Fer i llurg! ol Find. Subaith cach n-óthath, ol Mac Con. Inlá Ferchess etir sen & seslig for a láim tarsa nh-glend andair inna n-diaid siar & dicain forsin slig, co n-erbart: Rince marince sech eris rohisrig co ainm h-itir dá comainm. Conlúaster íarsein in gái dia láim Ferchess, conluith tria Mac Con inna charpat, cu fil a ailcha imbi cossindiu.
Luid Find h-úa Báiscni for slicht Ferchiss do dígail Maic Con, ar is Find ba fénnid do suidiu, conidgegoin cind secht m-bliadan oc Lind Ferchis for Bandai, dia fúair in casnaidi lasin sruth saeras Ferchis. Asberat alaile is a n-Ess Máge romarbad Ferchiss dia secht m-blíadan. Is and asrubairt Finn triasa n-imbas forosnai:
- Sund Ferchessi fossugud,
i n-Es Máge mámugud,
íar mórgnímaib lúath;
dorrochair caur trénchingeth
íar mórgnímaib lúath;
dotung dom Día tigernmas
luige cáich i m-bith:
tofesar gním guinaitte,
Mac Con bíth hi sund.Sund
Scéla Maic Con & Aililla corice so.
Is íar n-guin Maic Con asrubairt Ailill:
- Tricho blíadan dam cen tlí
i n-aes ocus dímlithi,
conomthúarcaib as mo ches
aurchor maic Comáin Ferchis.
[...]Adrala íarum & sonirti & marb Mac Con di athchumu ón tráth co arailiu, conidapath hi Col Rophut & is ann atá a fert .i. ba rocol fert .i. ba roág a h-éc & rl.