Corpus of Electronic Texts Edition
Orgain Néill Noígiallaig (Author: Unknown)
paragraph 3
Doluid andess afrithissi intí sin Eochu, co roort dúnud3 ind filed & co romarb a óenmac .i. Leat mac Laidcind. Blíadan lán dond filid íarum oc sinnad4 & oc ainmed Lagen & 'coa n-urgairiu co ná roásair fé ná h-arbur lethu5 ná duille co cenn mbliadna.