¶1] Cíarnat ingen ríg Cruithnech tucsat cúicer Ulad ar éigin a m-broid tar muir ocus tar mórfairge. Ocus at-chúala Cormac h-úa Cuind sin & ro cuinged úad h-í & tucad dó dá tigh h-í. Ben is áille & is coíme ro buí isin doman h-i g-comaimsir fria h-í. Ocus buí h-i cairdes fri Cormac ocus rob adhbal mét a gráda leis. Co cúala Ethne Ollamhda ingen Cathaír Móir a beth aici & ro ráid ná betís aróen aici. Ocus rob égen a tabairt ar cumus Ethne & do-rat Ethne daíre fuirre ocus rob í in daíre .i. .ix. méich arba do bleith cech laí. Co tarrla Cormac & sisi ar óentáeib fo leth co rrus-toirrchestar & nír fét bleith, co rus-airchis Cormac & tuc sáer muilinn tar fairgi ocus do-rónad muilenn las d'anacol Chíarnaite.
Conid de sin as-pert in fili:
- Cíarnat cumhal Chormaic chóir
mór cét di bíathad a bróin
.x. méich cech laí lé do bleith
nírb obair dhuine déinmeich.- Tairrustair uirri in rí rán
ina tigh 'na h-áenarán
co rus-toirrcestar fo leth
íar sin co nár fét robleth.- Airchisis uirre h-úa Cuinn
tug sáer muilinn tar mórthuinn
cét-muilenn Cormaic mc Airt
ro bad cabur do Chíarnait.C.