Bai claideb amra la Socht, orduirnn a elta, airgidi a fulang, forordha a comet, breachtfæbrach a éo. Rothaitnidh 'sin aidchi amal coindill. Da fillti a rind conici a dhornchar dosineadh amal cholg. Doletradh finda for usci. No athcumadh finda for ceand, & ni fhaiscead in toind. Do[g]níd da leth don duine & ní forcluinedh & ní fhairighidh co hetircen in leth araile dhe. Atbert-som ba hesin in Cruaidin Coiditcheann .i. claideb Conculainn. Audacht ceneoil & aitri & seanaitri leosom in claideb sin.