Atcluine sut, a Colptha, i n-apair in sendrai, & forfeimidh sádhad na pupla & said fein i. Ro gab Colptha fern na pupla n-a laimh & ro gab oc tathair & oc beim ar Cithruadh & tuc forba n-ecomluinn & sinedh romor for a churp cu taillfitis meic mhidhaeisi idir cech dá asna do & ro fhuirim fria talmain an feirn-sin & ní ro ghab lár uadh; ro bui dia nertmhaire chena ró sháith co nderna briscbruar dhi o foréimid a sathad. Cidh dogentar andfusa? ar Cormac. Dogentar, ar Cith Ruadh & ar cach arcena sloigh mhora do tabairt cucainn. Ocus tucait, & doronait longinata mora ann & ro sáidhed cinn na cleath is na sailghibh-sin. & is fon n-innus-sin doronad in longport uile. As de ata Long Cliach inniu .i. don tsuidhiugud-sin.