Corpus of Electronic Texts Edition
Aided Chuind Chétchathaig (Author: Unknown)

p.274

1

Book of Lecan 350a.

Eochaid Bélbuidi mac Feidlimid Rechtmair bráthair Cuind. Luidside i crích nUlad ar comairci do theiched Chuind a bráthar, úair fa dobésach díchoisc Eochaid, & romillead rígi & smacht a bráthar. Is andsin immorro cartais2 Cond cúicer fear gráda dó co rígaib Ulad coná beith Eochaid Bélbuidi aco, no co mbetis fo sobés. Ba híad so in cúicer techtairead luidsead frisin .i. Foitin Forbair mac Féigi Échtaig, & Énda mac Dega Laigen, & Ailill mac Fingein meic Luchta, & Tibraidi Túaithebrach mac Cleitig, & Asal mac Forandáin a Formaíl. & luidsed fothúaid rompo a Temraig. Is andsin do hindised dóib Eochaid Bélbuidi do beith ac seilc a Sléib Breg, & do marbsad in tEochaid andsin, úair ní fríth neach mailli fris acht a chú, ut poeta dixit:

    1. Eochaid Bélbuidi robíth
      i cath Chomair, úada a fich,
      úair ní roibi neach 'na dú,
      fríth hé i mbáegal is a chú.

Rob olc didiu la rígaib Ulad in gním sin & adubradar nach gébdais coma ina sarugud acht a marbad, úair nír gobad rompo. Ar ái dorondad síd eturru & Cond. Ba híad ríga Ulad in tan sin .i. Cairpri Gnáthchorad mac Máil meic Rochraidi & Bresal mac Briúin. Adbathadur iar sin drem díb. Adbert Breasal no Tibraidi mac Máil ná gébad síd, úair nír lam beith i nUltaib deisidén ar ecla Chuind & la hecla ríg Ulad tre foiréicin Chuind forro side.


p.276

Is ed doroindi Tibraidi dul i nAlbain co ríg Alban .i. co Failbe Findloga & bái trí bliadhna aici side. Is andsin tuc ríg Alban comairli dó .i. tíachtain i nÉrind & síd do dénam re Cond. Doníth uili amlaid sin. Ráidid Ulaid fris beith sídach3 re Cond. Adbert som4 do dénam & nír lam tíachtain ar comairci no a áenur co Cond, conid hí comairli doroindi tíachtain i rechtaib ban copchaillech d' indsaigid5 Chuind. Is and bái Cond in tan sin i túaithemair6 ic urgnum Feisi na Temrach & baidsi túaith Themrach, & ba fúathad do Chond in tan sin. Is and doroindi Tibraidi andsidi Cond do marbad, úair ba úathad dó & ba línmar do Thibraidi, conad amlaid sin íarum do marbad Cond.

Finit. Amen.