Corpus of Electronic Texts Edition
Mesca Ulad (Author: Unknown)

Text of LU.

‘... dianda-táirle mo lorg-sa mairfidus.’ ‘Is messe,’ ol Triscoth. ‘Nach fer díb do-n-écuchus-sa
895] co handíaraid at-bélat a béoil.’ ‘Is messe,’ ol Reordae Drúth. ‘Is messe,’ ol Nia Natrebuin Chró. ‘Is messe,’ ol Dáeltenga. ‘Nechtar n-athar-ni nod-raga,’ ol Dub & Rodub.
900] Cot-réracht cach fer di arailiu imbi. ‘Nácha-foglúesed aní sin,’ ol Sencha. ‘Fer do-ngegat Ulaid cinip é gaiscedach bas dech bes and, is é nod-raga.’ ‘Cía úanni són?’ ol Ulaid.
905] ‘Cú Chulaind ucut cenip sé gaiscedach bas dech and is hé nod-raga.’

Fris-rérachtatar íarom isin les & Cú Chulaind remib. ‘Inn é in genid seo as dech gaisced la hUltu?’ ol Fintan.


910]

La sodain lingid Cú Chulaind i n-ardai co mboí for tulchinniu ind lis, & for-roebling a gaisced forsind aurdrochut con torchartar dia n-ailchengaib in gaisced ro bátar isin dún. Ructa íarom hi tech ndarach cúachléthe & comla ibair aire i mbátar trí


p.41


915] fertraigid dia tiget, & dá drolam íaraind esse, & indber íarind arin dá drolam sin. Ro hesrad a tech di cholcthib & brothrachaib. Do-bert Crom Deróil a ngaisceda inna ndiaid & sudigthi & ar-rócabar gaisced Con Culaind úasaib.


920]

‘Tessaigid indlat dóib,’ ol Ailill, & do-bert coirm & biad doib comtar mesca. Dodas-athiged Crom Deróil beos dús i mbuí ní bad áil dóib. Ó raptarmesca benais Sencha bascrand. Con-túasiset fris uli. ‘Tabraid trá for mbennachtain forsin flaith
925] do-n-fáncid. Is ségonnae ro both frib. Ní lám i ngort mbocht. Is imda coirm & biad dúib lasin flaith do-n-ángid. Nírbu écen a rád fri urgnam.’ ‘Is fír són,’ ol Dóeltenga. ‘Tongu-sa a toinges mo thúath nadcon ricfaid far tír co bráth acht a
930] mbértae éoin úaib inna crobaib, acht fir Hérend & Alban do aitrib for tíre & do breith for mban & for sét & do brisiud cend for mac fri clocha.’

Is deas-breth Fergus for Tána in so :—

    1. Léic ass Dubthach nDóeltengad,
      935] ar cúl int slúaig no-srengaid;
      nocon dergéni nach maith;
      ro geogain in n-ingenraith.
    2. Ferais écht ndochlae ndobail,
      guin Fiachaig meic Concobair;
      940] níbu amru ro-cloth dó
      guin Mani meic Fedelmtheó.
    3. Rígi nUlad ní chosnai,
      mac Lugdach meic Casrubai;
      iss ed do-gní fri doíni.
      945] a nnad ruba con-soídi.


p.42

‘Ní gó aní sin trá,’ ol Dubthach. ‘Décid-si a tech dia daingni & a ndúnad fil ara tech. Nach facthi cid áil dúib dul ass níp-thá cumac dó. Is mebol damsa indosso mani fuil imorbága imar tóbairt
950] immuich. Acht nammá in láech ucut as dech gaisced la hUltu ro-festar fis scél úadib.’

Cot-rosci CúChulaind & ro lá cor n-iach n-erred de i n-arda co ruc a chléthe n-óchtarach din tig co mboí for cléthiu in tigi aile. Co n-accae in slóg sís
955] úad. Do-ralsat óenclár catha foraib dia tóbairt. Do-bert Ailill a druim frisin comlaid dia n-anacol. Gabsit a secht meic a láim ón dorus. Do-mmemaid in slóg for lár ind lis. To-lluid Cú Chulaind coa muintir & do-bert a luie frisin comlai co lluid a chos
960] trethe corice a glún.

‘Mad do ben do-léced,’ ol Dóeltenga, ‘no biad ina lligu.’ To-bert Cú Chulaind a lue afridisi co mboí a n-imdorus isin tenlug fó.


965]

‘Fresdiadam,’ ol Sencha. ‘Iss ed bias and,’ olso Cú Chulaind. ‘Cach n-ada as ada do ócaib oc comruc bíd ocaib. To-fil far céliu chucaib sund.’


p.43

‘Cate far n-arle?’ ol Sencha.
970] ‘Tocraid for ndrommand fri fraigid uli & bíd a gaisced ar bélaib cáich & erbaid óenfer dá n-acallaim. Mad trummi turcbáil a ndubí-í fochartaid a tech díb.’ ‘Cía ata-gegalldathar?’ ol Sencha.
975] ‘Ata-gegallar-sa,’ ol Triscoth. ‘Nach fer díb do-n-écucus-sa at-bélat a béoil.’

Bátar a chéli oc airli a n-airle immuich. ‘Ceist, cía ata-geglathar & cétna-raga cucu isa tech?’ ol ind óic ammuich.
980] ‘Ragat-sa,’ ol Lopán. Luid íarom Lopán isa tech cucu, nónbor dó. ‘Inlaích sin, a láechu,’ol sé. ‘Iss ed a n-inlaích in fer co cind a chéli,’ ol Triscoth.
985] ‘Fír fír. Driscoth sund oc erlabrai Ulad. Ní fuil aurlabraidi mathi leo chenae.’ D-an-éci Triscoth co andíaraid co tarla a dí bond bána fair.


p.44

To-lluid íarom. Fer Caille isa tech nónbor.
990] ‘Inláin sin, a láechu,’ ol sé. ‘Iss ed a n-inláin in fer co cind a chéli,’ ol Driscoth. D-an-éci Driscoth co andíaraid co tarla a dá bond bána fair.


995]

To-lluid íarom Mianach Anaidgned isa tech nónbur. ‘It bána linni ind othair filet forsin lár,’ ol sé. D-an-éci Driscoth. ‘Dom-féci-se,’ ol sé, ‘dús inn ebél de.’ Gabais a chéli a chois foí & imma-mbert forsna trí nónboraib
1000] ro bátar isin tig íarom conná dechaid nach háe i mbethu ass eter sudiu.

Con-gair íarom in slóg ammuich imma tech dia gabáil for UIto. Ro láiset íarom Ulaid a tech tara cend co torchratar trí chét fon tig dint slóg ro buí
1005] friss anechtair. Dlútai in cath di alailiu. Bátar íarom i n-imnisiu in chatha co medón laí arabárach. Ro gab maidm for Ultu ar-abu ar batir úati. Buí Ailill for sosad in dúine oca ndéscin. ‘Roptar scéla innisen damsa scéla Ulad cosindiu.


p.45


1010] At-chuas dam ní bátar i nHére óic a cumma dóib, co n-accu ní dénat acht mebail indiu. Is cían ó as fásach ní gebthar cath cen ríg. Mad imomsa immurgu do-bertha in cath ní bad chían fo-lilastae. At-chíd nim-thá-sa cumac dóib. Is díguin dom-gonar imaib.’


1015]

La sodain ro lá Cú Chulaind bedg de tresin mbudin & forda-rubai fo thrí. Forda-rubai dano Furbaidi Fer Bend mac Conchobair imma cúaird. Ní gointis a chéli ara lechet leo. ‘Cid na gonair,’ ol alaile díb, ‘in ségond sa?
1020] Ní mellach a chaíne do-gní. Tongu-ssa a tongas mo thúath cid cend óir no beth fair nan-génaind-seo oc guin mo bráthar.’

Benaid side sleg n-ind & ad-baill de. Mutti íarom in cath for Érnu & ní érnai acht trian díb ass. Orgit
1025] Ulaid íar sin a ndún n-uli & aingit Ailill & a secht maccu arnad bátar hi cath friu. Ó sin trá nír threbad Temair Lóchra.

Atd-luí Crumthand Niath Náir ass, di Érnaib.


p.46

Cont-ric fri Richis mbancháinti tíar oc Lemain.
1030] Mumme do Crumthand in ben. ‘In fárcbad mo mac-sa?’ ol sí. ‘Fo-rrácbad,’ ol Crumthand. ‘Tair limsa,’ol sí, ‘ co ndérais.’ ‘Cisí dígal?’ ol Crumthand.
1035] ‘Co rubae Coin Culaind tara ési,’ ol sí. ‘Cinnas do-géntar són?’ ol éseom. ‘Ní handsa. Má rut-bet dí láim dó níbat écen nach n-aill chena ár fo-géba i n-ascid.’

Lotar didiu i ndiaid int slúaig co farnactar Coin
1040] Culaind
for áth ara cind hi Crích Úathne. Tiscaid Riches a hétach dí fíad Choin Chulaind. Múchais Cú Chulaind a étan fri lár arnácha-ndercachad a hernochta. ‘Tófairthe hifechtso, a Chrumthaind,’ ol Riches.
1045] ‘Do-fuil in fer chucut,’ or Lóeg. Gabais Lóeg cloich asin charput & díbaircid dí conda-ecmaic tara luthain co mmemaid a druim


p.47


1050] i ndé & combo marb de íarom. Cot-réracht íar sin Cú Chulaind ar cend Crumthaind & fich fris co tuc a chend lais & a fodb.

Do-llotar íarom i ndegaid int slúaig co mbátar oc dún Con Culaind co féotar and insind aidchi sein.
1055] Bátar íarom for foirriuth co cend cethrachat aidche forind óenfeis la Coin Culaind, & tíagait úad íar tain & fácbait bennachtain leiss.

Tánic dano Ailill anes fri hUltu combuí for célidi occo. Do-breth comlethet a enech di ór & argut do
1060] Ailill & secht cumala cach meic dia maccaib. Dolluid íarom Ailill dochum a thíri fo chóri & óentaid fri Ultu. Boí íarom Conchobar íar sin cen coscrad a rígi immi céin buí i mbíu.