Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 65

Dala Conculainn immorro, ní thug uidhe na aire don inghin, úair níor' mhíadh & níor' mheabhair leis labhairt ría & í iona háorur ar tteichedh a muinntire úaithe, & do ghluáis roimhe andíaidh a aosa comhtha, & nior' innis an gníomh soin dóibh, & rancadar iarsoin go dorus an dunaidh, & benuid beim baschrainn 'san dorus, & fiafraigheas an doirseóir cia dobhi ann.

{MS folio 49b}‘Buidhen do rideribh Eireanchaib sinn’, ar siad, ‘ata ar ttecht as an doman anoir iar ndenamh ar bfoghlumtha’.