Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 64

Is annsoin thainich an fer mór a ttír chugtha 'san tracht asteach, & sinis a láimh fada féithremhar fíorghránna do ghabhail Conculainn a n-urthosach a chiósa ríogh. Togbhus Cúchulainn an láimh dhes dhirioch & nochtus a chlaidhemh, go ttuc béim don fer mhór, gur'bhen an cenn dé, gur'b é sin cétduine do thuit le Coinculainn iar ttecht ó dhenamh a foghlumhtha dó, & do thuitedar an días eile leis iar soin, & fagbhus mur sin íad muin ar mhuin.