Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 63

Agus niór chián doibh ar na hiomraidhtibh sin an tan do connacadur an loing luchtmhair lanmhoír tar mhearthonnuibh an mhara da n-ionnsaighe, & antan do chonncadur munter na hinghine an long ag techt do thechiodur uile uaíthe, & niór tan aonduine iona fochair acht Cúchulainn iona aonar.

Agus is amhlaidh do bhí an long-soin, & áonóglaoch dubh dúaibhsech diabhluidhe a ndeiredh na deghloinge sin, & do rinnedh gaire garbh ainiarmurthach, ionnus go bhfacadair cách a abach & a ionathar tri choimpir a chraóis.

‘Crét an subhachus úd ar an bfer mór?’ ar Cúchulainn.

‘Ar feabhas leis tusa do bheith do bhiseach ar a chíos a mbliádhna seach gach bliadhan oile’, ar an inghen.

‘Mo chubhuis amh’, ar Cúchulainn, ‘níor chóir dhósan mise do chommaidhiomh amhlaidh soin da bfeasadh a mbeith dhé’.