Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 62

Thainich Cúchulainn do láthair & do bheannaigh dhóibh. ‘Crét an doilghios nó an doghra so oraibh?’ ar Cúchulainn.

Ro fregair an inghen & is edh adubairt: ‘cios ríogh bheirid fine Fomorach asan thír-si gacha sechtmadh bliadhna .i. cétghein chloinne an riógh, & is damhsa rainic dol ann anuair-se san gcíos soin, uair is mé is dile leis an ríogh día chloinn’.

‘Cia lión thig da togbháil an chiósa sin?’ ar Cúchulainn.

‘Tri maic Alatruim d'Fomorchaibh’, ar si, .i. Dubh, Meall & Dubhros a n-anmanna.


p.142