Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 61

Do sgaradur re cheile ann soin, & do ghluáis Cúchulainn & tuc aghaidh ar an mhuir mhóir amach. Mur dobhí ann dochonnairc an t-oireacht adhbhalmhóir 'san tracht fa nesa dhó .i. cét d'feruibh & cét do mhnaibh, & iád na suidhe a gcoim an chuáin & an chalaidh, & inghen cruthach cáomhaluinn etorráibh fa inghean dersgnuithe do mhnáibh an domhain, & íad ag gol & ag doghra tiomcioll na hinghine.